Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Bréagnuacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist leis an mbréagnuacht (nóbréagaisnéis,nuacht bhréige nó fiú ‘bobnuacht’,[1]Béarla: 'fake news') -- ná iarracht a dhéantar de bhun tola chun eolas míchruinn, nó bréageolas fiú, a scaipeadh. De ghnáth, baineann lucht na bréagnuachta úsáid as ceannlínte tarraingteacha agus scéaltanuachta bréagacha chundaoine a spreagadh chun na scéalta sin a roinnt ar líne.

Bunléaráid le Frederick Burr Opper sa bhliain 1894, SAM
Agóid, Los Angeles, Eanáir 2017

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

"Sin é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh, mar ní mise a chum ná a cheap é", a deireadh nascéalaithe in Éirinn fadó. Bhí ar an lucht éisteachta a n-intinn féin a dhéanamh suas maidir lena chruinneas.

Tá fhios againn go raibh an bhréagaisnéis go mór in úsáid ag naNaitsithe, a thug go dtí hardleibhéal díobhála agus oilc é.[2] Cúpla bliain níos déanaí, sna tíorthacumannacha, bhí na hintinní á líonadh lebolscaireacht.

altFactCheck.org (2016) "How to Spot Fake News"

Sna2010idi, tháinig coincheap na bréagnuachta chun cinn arís agus tús á chur le seal anUachtaráinDonald Trump saTeach Bán sa bhliain 2017. Tháinig an coincheap i mbéal tar éis do Kellyanne Conway, comhairleoir speisialta do Trump, trácht a dhéanamh ar "fhiricí malartacha" (Béarla: “alternative facts”) agus ise ag maíomh faoi slua ollmhór, mar dhea, ag insealbhú Trump ar an20 Eanáir2017.

Eolas

[cuir in eagar |athraigh foinse]

D'oiriúnaigh Leabharlann COBÁC a dtreoir úsáideach, a mhíníonn cad is nuacht bhréige ann, na rudaí a d'fhéadfadh taobh thiar di agus roinnt bealaí chun í a aithint, chun í a cheangal leis na dúshláin ar leith a bhaineann lepaindéim COVID-19 agus an mhífhaisnéis is an bhréagaisnéis a chuirtear amach maidir léi.[3]

Moltar (arbemediasmart.ieFactCheck.org mar shampla) do dhaoine scéalta nuachta a mheá de réir na dtreoracha seo a leanas:[4]

  • STOPː Ná bí ag brath ar cheannlíne
  • SMAOINIGHː Breathnaigh ar stíl an scéil, agus cuardaigh an scéal céanna in áiteanna eile
  • DEIMHNIGHː Breathnaigh go cúramach ar na foinsí
"The Conspiracy Theory Handbook",George Mason University

Cuireann an bréagnuacht i gcuimhne dúinn: aon uair atá muid ag léamh nuachta ar líne, caithfidh muid an cheist a chur orainn féin: 'cé a scríobh an scéal seo agus cén fáth ar scríobh siad é?[5]

In Éirinn

[cuir in eagar |athraigh foinse]

In 2024, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach anChoimisiúin Toghcháin, “Chomh fada is atá andaonlathas féin ann, tá na hiarrachtaí seo ar bun vótóirí a chur dá mbuille, a n-intinn a athrú agus mearbhall a chur orthu, ach is ag éirí níos casta agus níos sofaisticiúla atá na seifteanna a mbaintear leas astu. An mana ba cheart a bheith againn ná a bheith cúramach i gcónaí agus ní mór don uile dhuine sin obair an tseiceálaí fíricí a dhéanamh dúinn féin.”[6]

Mar sin ba chóir go mbeadh an t-amhras céanna ar dhaoine faoi chúrsaí nuachta gach lá is bhíonn orthu ar an 1 Aibreáin nuair a chuirtear scéalta bréige amach ar mhaithe leis an gcraic. Na ceisteanna a chur orainn féin:

  • Cé atá á insint seo dom?
  • Conas go bhfuil a fhios agam go bhfuil seo fíor?, agus
  • An bhfuil foinsí iontaofa eile ann?[6]

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. "bobnuacht", aistriúchán atá molta ag an iriseoir Pól Ó MuiríTuairisc, 30 Eanáir 2017 agus "Bréagnuacht", molta ag tearma.ie
  2. Seán Ó Loingsigh (2019). "Bréagnuacht agus araile (Feasta - Smaointe Polaitíochta)". www.feasta.ie. Dáta rochtana: 2021-03-13.[nasc briste go buan]
  3. James Molloy. "LibGuides: Evaluating Information: Fake News and COVID-19" (en). libguides.ucd.ie. Dáta rochtana: 2021-03-13.
  4. Cathal Mac Coille (2018). "Más maith is mithid – acmhainn nua chun dul i ngleic leis an mbréagnuacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-14.
  5. Caoimhe Ní Laighin / Nuacht RTÉ (2025-10-21). "Leathanach Facebook Gaeilge á rith ag Páirtí Cumannach na Síne!" (as ga-IE). 
  6. 6.06.1"‘Caith le gach scéal nuachta amhail is gur Lá na nAmadán atá againn’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-23). Dáta rochtana: 2024-02-24.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Bréagnuacht&oldid=1284196"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp