Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Bolcán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léaráid de bholcán ag brúchtaíl

Is éard isbolcán ann ná briseadh iscreamhphláinéid, cosúil leisan domhain, a ligeannlaibhe the, luaithreamhán bolcánach, agusgáis amach ó sheomramagma bolcáin faoindromchla.

Is iad ceann de na hiontais is cumhachtaí agus is contúirtí ar domhan.

Plátaí teicteonacha

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Eascraíonn bolcáin de ghnáth in áiteanna ina bhfuil scoilt idirphlátaí teicteonacha, amhail idiran Eoraip agusan Afraic.

Tarlaíonn bolcáin an domhain toisc go bhfuil a screamh briste ina 17 plátaí teicteonacha móra dochta, a bhíonn agsnámh ar shraith anmhaintlín a bhíonn níos boige agus níos teo.

Na plátaí

Dá bhrí sin, ar an domhan, faightear bolcáin de ghnáth san áit ina mbíonn plátaí teicteonacha ag eisréimniú nó ag inréimniú. Mar shampla, is cúis le plátaí dibhéirseacha atá ag tarraingt óna chéile na bolcáin a bhíonn ag droim láraigéanach, mar shamplaDroim an Atlantaigh Láir; plátaí teicteonacha coinbhéirseacha ag teacht le chéile is cúis leis na bolcáin ag Fáinne Tine an Aigéin Chiúin.

Katla, Mýrdalsjökull, 1918

Chruthaítear bolcáin freisin san áit ina mbíonn síneadh agus tanú ar phlátaí taobh istigh na screimhe, m.sh., i Scoiltghleann na hAfraice Thoir agus sa bhlárum bholcánach Wells Gray-Clearwater agus i Scoiltghleann an Rio Grande i Meiriceá Thuaidh. Tagann an cineál seo bolcánachais faoi scáth na bolcánachais "hipitéis phláta". I gcónaí, mínítear an bholcánachas, ar shiúl ó teorainneacha plátaí, mar chleitíní an mhaintlín.

Bolcán Arenal

Tugtar "baill the" orthu, mar shamplaHaváí, agus samhlaítear go dtagann siad chun cinn ó thonnadh aníos diaipirí le magma ó theorainn anchroí is an mhaintlín, 3,000 km faoi dhromchla an domhain. De ghnáth, ní chruthaítear bolcáin nuair a shleamhnán dhá phláta teicteonach thar a chéile.

8 Bealtaine1902 - Maraíodh 30,000 duine nuair a bhrúcht Mont Pelée iMartinique. Scriosadh príomhbhaile an oileáin.

Contúirt

[cuir in eagar |athraigh foinse]

D'fhéadfadh bolcáin, atá ag brúchtadh, a bheith contúirteach go leor, ní hamháin i ngarchomharsanacht an bhrúchta.

Mar shampla, d'fhéadfadh a leithéid agus luaithreamhán bolcánach a bheith ina bhagairt ar aerárthaí, go háirithe scairdeitleáin; mar is féidir luaithcháithníní a leáigh ag ardtheocht na n-inneall, agus ansin is féidir le cáithníní leáite cloí chuiglanna antuirbín agus a gcruth a athrú, rud a d'fhéadfadh cur isteach ar oibriú an tuirbín.

D'fhéadfadh brúchtaí móra tionchar a imirt ar an aertheocht, mar is féidir le luaithreach agus braoiníní d'aigéadsulfarach anghrian a chur i bhfolach agus anatmaisféar an domhain (nó trópaisféar) a fhuarú; mar sin féin, ionsúnn siad an teas radaithe ag teacht aníos ón domhan, ar an dóigh sin téitear an atmaisféar uachtarach (nó strataisféar). Go stairiúil, 'bolcánacha Geimhrí' a ghlaoití orthu siúd agus bhí siad freagrach as gortaí tubaisteacha.

3 Eanáir1983: Thosaigh an bolcán Kīlauea inHawaii ag brúchtadh. Níor tháinig stad air go fóill.

Eachtraí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  • 3 Eanáir1983: Thosaigh an bolcán Kīlauea inHawaii ag brúchtadh. Níor tháinig stad air go fóill.
  • 13-16 Samhain  1985: Meastar gur maraíodh 23,000̘+ duine i mbrúchtadh bolcánach saCholóim.
Príomhalt: Nevado del Ruiz
  • 23 Bealtaine2010 - Stopadh eitiltí inAlbain de thoradh ar luaithreamhán nuair a phléasc bolcán Grímsvötn sanÍoslainn
  • 22 Aibreán2015 - Phléasc an bolcán Calbuco saSile. Iontas ar na saineolaithe; níor phléasc an bolcán le 50 bliain anuas.
    Brúchtadh Krakatau sna hIndiacha Thoir Ollannacha (an Indinéis inniu). Fuair 36,000 duine bás

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
    Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Bolcán&oldid=1232879"
    Catagóirí:

    [8]ページ先頭

    ©2009-2026 Movatter.jp