San ailtireacht, is foirm stuach féintacaithe éboghta[1] (Fraincisvoûte, ón Iodáilisvolta), déanta as cloch nó brící de ghnáth a chlúdaíonn spás le síleáil nó díon.[2] Uaireanta déantar aithris air le hadhmad nó plástar.[3] Mar is amhlaidh le háirse a thógáil, tá gá le tacaíocht shealadach agus fáinnívoussoirs á dtógáil agus na fáinní á gcur ina seasamh. Go dtí go bhfuil anvoussoir uachtarach, an eochair, suite, níl an boghta féintacaithe. Sa chás go bhfaightear adhmad go héasca, cuirtear an tacaíocht shealadach seo ar fáil trí stuachreatlach ina bhfuil trus frámaithe le ceann leathchiorclach nó teascánach, a thacaíonn leis navoussoirs go dtí go gcríochnaítear fáinne na háirse ar fad. Tá fíoraíochtaí éagsúla ann, ina measc an boghta cruinn, an crosbhoghta, an cruinneachánbhoghta, an feanbhoghta is an t-easnabhoghta.
Tá boghtaí coirbéalta, le sraitheanna de chloch atá ceangailte go cothrománach, ar fáil ó aimsir réamhstairiúil; sa 14ú haois RCR óMhicéiné. Tógadh go réigiúnach iad go dtí an lá atá inniu ann.
Bhí fíorthógáil na mboghtaí, le clocha ceangailte go gathach, ar eolas cheana féin ag na hÉigiptigh agus na hAisiriaigh, agus thug na hÉatrúscaigh isteach i gcleachtas tógála an Iarthair é. D'fhorbair na Rómhánaigh go háirithe, agus thóg siad boghtaí bairille, trasbhoghtaí agus boghtaí cruinneachánacha. Tháinig roinnt samplaí den scoth slán sa Róimh, m.sh.an Paintéón agus Baisleac Maxentius.
Baineadh úsáid as boghtaí brící san Éigipt ó thús an 3ú mílaois RCR. a úsáideadh go forleathan agus ó dheireadh an 8ú haois RCR.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.