Is príomhchathair Ghobharnóireacht Bizerte saTúinéis é Bizerte (Araibis:بنزرت,Benzart). Tá sé suite ar an gcóstaMeánmhara ag béal do chainéal a rinne ceangal idirLoch Bizerte agus an mhuir. Is é Bizerte an chathair is faide ó thuaidhsan Afraic.
Is é Bizerte an chathair is sine sa Túinéis. Bhunaigh naFéinícigh an chathair timpeall 1100 RCh,[1]A'Kra a thugtar air.[2] Úsáidtear an lonnaíocht mar chuan trádála. Timpeall 950 RCh, rinne anChartaig ionradh ar an lonnaíocht. Bhain go leor ginearáil Cartagacha cosúilHannibal úsáid as cuan Bizerte snaCogaí Púnacha.
Sa bhliain 149 RCh, ghabh naRómhánaigh seilbh ar an gcathair. Bhí smacht maith acu ar an gcathair go dtí an bhliain 439 AD nuair a tháinig naVandalaigh. Ba thús maith é an chathair dá n-ionraidh eile.
Ón mbliain 534 AD go 642 AD, bhí Bizerte faoi smacht na hImpireachta Bhiosantach. Tar éis sin sa bhliain 647 AD, rinne na hArabaigh ionradh air.
AgConradh Bheirlín, 1878, tugtar údarú don bhFrainc seilbh a ghabháil ar an Túinéis.[3] Tháinig na Fraincigh trí bliana i ndiaidh sin. Thóg siad calafort mór sa chathair.
Tar éis neamhspleáchas naTúineise ón bhFrainc sa bhliain 1956, níor fhág siad Bizerte mar ba chalafort chablaigh straitéiseach é do Chogadh na hAilgéire. Chuir sé sin fearg ar an Túinéis agus sa bhliain 1961, chuir siadimshuí i gcion ar an mbunáit chabhlaigh in Bizerte. Mar gheall ar seo, tharla cath idir fórsaí na Fraince agus fórsaí na Tuinéise. Maraíodh 630 Túinéiseach agus 24 Francach. D'fhág an Fhrainc an bunáit ar 15 Deireadh Fómhair 1963, nuair a cuirtear deireadh leis an gcogadh san Ailgéir.
De réir daonáireamh 2014, tá 136,917 duine ina gcónaí in Bizerte,[4] ach má cuirtear Menzel Jemil agus Menzel Abderrahmane leis, is gaire do 180,000 ata ann. Is méadú e seo ón daonáireamh 2004 nuair a bhí 114,371 duine ina gcónaí ann.
↑Hervé Bourges et Claude Wauthier,Les 50 Afriques : Maghreb, Afrique du Nord-Est, Corne de l'Afrique, Afrique sahélo-soudanienne, Golfe du Bénin, éd. du Seuil, Paris, 1979, lch 68 (fr)