Is cathair i gcomhphobal féinrialaitheachTír na mBascach saSpáinn íBilbao (Bascais:Bilbo). Tá sé suite i dtuaisceart na Spáinne, an chathair is mó i gcúige naBioscáine, i dTír na mBascach, agus Tuaisceart na Spáinne agus ímar an 10ú chathair is mó sa tír le daonra 345,141 (2015. Leis an gceantar uirbeach san áireamh tá thart ar 1 milliún daoine ina gcónaí ann agus tá an gcontae Mórcheantar Bilbao an 5ú achar uirbeach is mó sa Spáinn.
Tá sí Lonntaithe i lár-thuaisceart na Spáinne 16 ciliméadar ó dheasBá na Bioscáine áit a thosaíonn inbhear Bilbao. Tá an croí-lár uirbeach timpealaithe ag dhá sliabhroan beaga (400 méadar). Tá tionchar ag an mbá ar an aeráid sé sin córas aer séimh a chuireann srian ar teochta samhraidh te na Spáinne, gan mórán griain agus go leor báisteach.
I rith an naoú haois déag agus tús an fichiú haois d'fhorbair Bilbao go mór i dtaobh tionsclaíochta de an dara réigiúin is mó forbartha i ndiaidhBarcelona. Chomh maith leis sin bhí fás ollmhór ag daonra na háite. Faoi láthair tá Bilbao mar chathair bheo le béim ar leith soláthair seirbhísí ag mothú athbheochan i dtaobh sochaí, geilleagar, agus aeistéitic tosaithe ag an Iarsmalann cáiliúilGuggenheim le go leor infheistiú san infreastruchtúr mar shampla an aerfort, córas iomparthe, anAlhóndiga agus tionscnamh eile athnuachan nach iad.
Tá club sacairAthletic Club de Bilbao lonnaithe ann chomh maith. Is siombail tábhachtach é an club i náisiúnachas Bascach de bharr an polasaí atá acu imreoirí Bascach amháin a fhostú agus é fós mar club rathúil i stair sacair na Spáinne agus sa lá atá inniu ann.
 | Issíol faoi thíreolaíocht naSpáinne é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh. |