Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Beatha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Plandaí ina mbeatha

Staid ina mbaineannorgánaigh feidhm as ábhair óntimpeallacht trína bpróisismeitibileachta, chun fás, a gcórais feidhmiúcháin a choinneáil, a struchtúir a dheisiú, agus iad féin aatáirgeadh. Tá gach foirm bheatha arDomhan bunaithe araigéid núicléasacha,DNA (aigéad dí-oscairibeanúicléasach) nó RNA (aigéad ribeanúicléasach), a iompraíonn an t-eolas géiniteach dúchasach. Tuigtear gur thosaigh an bheatha ar Domhan timpeall 3,500-3,800 milliún bliain ó shin i bhfoirmbaictéar simplí faoi chúinsí ina raibh comhábhair bhunúsacha ábhair orgánaigh (meatán,amóinia,hidrigin isgaluisce) i láthair sanatmaisféar bunaidh. De réir a chéile tharlaéabhlóid cheimiceach do na ceimiceáin seo lefuinneamh ósholasna Gréine is stoirmeacha leictreacha, agus chuingrigh siad i móilíní níos casta gur tháinig aigéid núicléasacha fhéinatáirgthe chun cinn.[1]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt (2011). "Beatha".Fréamh an Eolais.Coiscéim. p. 68.


Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Beatha&oldid=1237403"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp