Isfeithid ían bheach. Is ball d'ord naHymenoptera í. Tá 7̤̬% den bhia an domhain ag brath ar na beacha,[1] mar shamplatrátaí agussútha talún. Tá na beacha tábhachtach toisc go dtógann siadpailin ó bhláth gobláth agus iad ag eitilt timpeall.[2] Gan an phailin seo ní bheadh a lán glasraí agus torthaí ag fás.[3]
Braitheann ancine daonna ar phailneoirí. Tá siad ríthábhachtach don slabhra bia domhanda. Ach caithfimid a admháil gur chuir ár ngníomhaíochtaí – lena n-áirítear cleachtais feirmeoireachta, uirbiú, bainistíocht talún, truailliú comhshaoil agus an ghéarchéim aeráide – ár ndomhan feithidí i mbaol géar.[4]
Is maith le beacha bláthanna. Bíonn feachtas ann gach mí Bealtaine "No Mow May". An mhí seo ba chóir dúinn ligean don fhéar agus do na bláthanna fás. Beidh níos mó pailine ann ansin do na beacha agus feithidí eile.
TiteannLá Domhanda na mBeach ar an 20 Bealtaine gach bliain. Is lá é seo chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le beacha agus le feithidí eile. Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn sa bhliain 2019, cuirtear Lá Domhanda na mBeach i gcuimhne dúinn chomh tábhachtach is atá beacha aguspailneoirí eile inár ndomhan idirspleách agus an gá le cleachtaisfeirmeoireachta inbhuanaithe agus bainistíocht fálsceach a chur chun cinn mar aon leis an gcaoi gur féidir linn ar fad cabhrú tríthimpeallacht oiriúnach a chothú agus a chur ar fáil dár mbeacha.[4]
Tá beacha na hÉireann i mbaol mór – agus leis sin, tá an córas bia agus beatha féin i mbaol.[6] Tá 90speiceas beach dúchasach in Éirinn, ach tá an tríú cuid díobh i mbaol a dhíothaithe. Agus mura bhfuil beacha ann le plandaí aphailniú, tá an baol ann go dtitfidh ár gcóras bia ina iomláine as a chéile.
Seoladh an Plean Uile-Éireann um Pailneoirí sa bhliain 2015.
Sa bhliain 2019, d’fhógairRialtas na hÉireann an tionscnamh “CoinnighCoirceog, cuidigh leis an mbeach mheala”.[7] Féachtar leis an tionscnamh seo úinéirí foraoise a spreagadh chun an bheach mheala a thabhairt isteach sa choillearnach dhúchasach i gcomhar le Coillearnach Éireann agus na cumainn náisiúnta bheachairí. BhíCumann Bheach Mheala Dhúchasach na hÉireann freisin ag tacú leis an tionscnamh.[8]
Issíolainmhí é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.