Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Bauhaus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bauhaus

Scoil údarásach ealaíon is ceirdeanna a bhunaigh Walter Gropius i Weimarna Gearmáine i1919. Bhí sé mar aidhm aige go gcomhoibreodh na healaíontóirí is na hailtirí chun aontacht nua a chruthú sna healaíona. Ar dtús, stíl líofa mhothúchánach a chleachtaigh an scoil, ach gan mhoill tháinig siad ar fheidhmiúlacht is saontacht dhocht. I measc na mac léinn is na múinteoirí bhí Feininger, van Doesburg, Moholy-Nagy, Kandinsky, Klee is Mies van der Rohe. Bhíodh an scoil suaite an t-am ar fad le freasúra an phobail áitiúil is na bpolaiteoirí, agus easaontais idir na baill féin. Bhog sí go Dessau i1925. DhúnHitler an scoil i1933, agus chuaigh cuid mhaith de na baill go dtí naStáit Aontaithe. I1987 ceapadh stiúrthóir nua agus tionscnaíodh Fondúireacht Bauhaus Dessau mar a bhfuil bailiúchán, stiúideo, acadamh is saotharlann.[1]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt (2011). "Bauhaus".Fréamh an Eolais.Coiscéim. p. 66.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Bauhaus&oldid=1148007"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp