| Suíomh | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| |||||
| Stát ceannasach | Éire | ||||
| Cúige Éireannach | Cúige Laighean | ||||
| Iaraonán críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | ||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 1981 | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
IsDáilcheantar 5 suíochán (4 suíochán roimh 2024) éBaile Átha Cliath Thiar.


Olltoghchán 2016 (4 suíochán)
SanOlltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí DálaLeo Varadkar (Fine Gael),Jack Chambers (Fianna Fáil),Ruth Coppinger (CFD-CPRB) agusJoan Burton (LO). Theip arRoderic O’Gorman (Comhaontas Glas) agusCatherine Noone (FG).
Olltoghchán 2020 (4 suíochán)
SanOlltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí DálaPaul Donnelly (Sinn Féin),Leo Varadkar (Fine Gael),Jack Chambers (Fianna Fáil) agusRoderic O’Gorman (Comhaontas Glas). Bhí Paul Donnelly (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 12,456 vóta agus toghadh é ar an gcéad chomhaireamh. Ní raibh ach iarrthóir amháin ag Sinn Féin; botún a bhí ann. Ruth Coppinger (PsB) is fearr a rinne as scaipeadh an fharasbairr de 3,730 vóta: fuair sí 50% acu, ach fós bhí sí 500 vóta gann ar shuíochán.
Chaill Joan Burton (LO), iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre agus iarThánaiste, a suíochán in 2020. Ní bhfuair sí ach 2,096 vóta.
Snatoghcháin áitiúla 2024 fuair Fine Gael 16% den vóta agus fuair Fianna Fáil 17%. Bhí 14% ag an Lucht Oibre.
Olltoghchán 2024 (5 suíochán)
Ní raibh ach athrú beag curtha ar an dáilcheantar ach de bharr méadú sa daonra tá suíochán breise le líonadh. 16 iarrthóir a bhí ar an bpáipéar ballóide, ina measc triúr den cheathrar Teachtaí Dála a toghadh in 2020. D'éirigh an t-iarThaoiseach Leo Varadkar (FG) as.[1]
SanOlltoghchán 2024, atoghadhJack Chambers (FF) agusPaul Donnelly (Sinn Féin). Toghadh chomh maithEmer Currie, Fine Gael agusRuth Coppinger ((CFD-CPRB). ToghadhRoderic O’Gorman (CG) don 5ú suíochán i ndiaidh an 13ú comhaireamh. Níor éirigh le Comhaontas Glas aon suíochán eile a bhuachan san olltoghchán 2024.
![]() | Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh. |