Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Argón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachArgón

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach,gás agusatmophile element(en)Aistrigh
Argón satábla peiriadach
Siombail cheimiceachAr
Uimhir adamhach18
Mais adamhach39.95
Cumraíocht leictreon1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ agus [Ne] 3s² 3p⁶
Peiriad, Grúpapeiread 3
triathgháis
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leáphointe−189.34
Fiuchphointe−185.85
Stair
AimsitheoirWilliam Ramsay agusAn Tiarna Rayleigh
Fionnachtain1894
Eapainmleisciúlacht

Is é an t-argóndúil cheimiceachuimhir a 18, agus is é an tsiombail cheimiceach atá aige náAr. Istriathghás é, agus é i bhfad níos coitianta sa dúlra ná na triathgháis eile, nó is é an céatadán atá aige ná 0.934 % den atmaisféar (de réir na toirte, níos mó ná a haon faoin gcéad de réir an mheáchain). Mar is dual do na triathgháis, tá ochtréad iomlán de leictreoin ar an sceall is faide amuigh aige, rud a chiallaíonn nach bhfuil gá aige le himoibriú a dhéanamh ná naisc a cheangal leis na dúile eile. Is féidir dul i dtuilleamaí an fhluairín lecomhdhúile argóin a chruthú, ach bíonn na comhdhúile seo an-éagobhsaí. Tugann áirimh theoriciúla le fios gur chóir go mbeadh comhdhúile áirithe ag an argón a bheadh cobhsaí, fiú le gnáth-theocht an tseomra, ach níor éirigh le haon cheimiceoir na comhdhúile teoiriciúla seo a shintéisiú. Úsáidtear teocht tríphointe an argóin (83.8058 K) mar chaighdeán ar scála idirnáisiúnta na teochta ón mbliain1990 i leith.

Tá trí iseatóp cobhsaí ag an argón, mar atá,40Ar (99.604 % d'argón an dúlra),38Ar (0.063 %), agus36Ar (0.334 %). Is toradh do bheite-mheath radaighníomhach an iseatóip úd40K den photaisiam é an t-iseatóp is coitianta de chuid an argóin.

Baintear úsáid as argón i bhfoirm leachta i gcrió-mháinliacht - is é sin, cuisnítear na cealla ailse le hargón fuar. Is é an t-argón an triathghás is coitianta agus an ceann is saoire, nó faightear mar sheachthoradh é nuair a bhítear ag scaradh na nítrigine agus na hocsaigine le chéile. Mar sin, is é an triathghás is mó a úsáidtear, fiú le freastal ar riachtanaisí a mbeadh triathghás éigin eile ní b'fhóirsteanaí dóibh.

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Issíol faoinsubstaint cheimiceach é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Argón&oldid=1125905"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp