![]() | Ní mór an t-alt seo aghlanadh, ionas go mbeidhcaighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach arConas Leathanach a Chur in Eagar agus anLámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
![]() ![]() | |||||||||||||||||||||||
Beathaisnéis | |||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 11 Eanáir 1979 46 bliana d'aois Port Láirge, Éire ![]() | ||||||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Chiaráin, Contae Chill Chainnigh Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ![]() | ||||||||||||||||||||||
Airde | 1.5 m![]() | ||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||
Gairm | iománaí![]() | ||||||||||||||||||||||
Spórt | iomáint![]() | ||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||
Gradam a fuarthas
|
Is éHenry Shefflin (Gaeilge:Anraí Ó Sibhleáin) ar cheann de na hiománaithe is mó a d’imir an cluiche iEireann riamh. Tá Henry aitheanta le fada mar cheann de na hiománaithe is fearr sa stair, chuaigh Shefflin ar scor le 10 teideal Craobh Chómortas na hÉirinn, 13 teideal SHCLaighean, sé theideal sraithe náisiúnta agus 11 ghradamSarimreoirí[1] le Cill Chainnigh.
Le Baile Héil fuair sé ceithre teideal Clubanna Laighean, sé Craobh Sinsearach Cill Chainnigh agus trí Cluiche Ceanna na hÉireann Clubanna.[2]
RugadhHenry Shefflin, mar is fearr aithne air mar iománaí, i bPort Láirge, Éire ar an Déardaoin, 11 Eanáir,1979. Bhuaigh duine de na hiománaithe is mó in Éirinn a 12ú teideal Laighean in2012 leCill Chainnigh, agus leag sé go leor taifeadiománaíochta le linn a shlí bheatha iomráiteach.[3]Cuireadh i gcomparáid é leis an réalta sacair Lionel Messi le linn cluiche i Sraith na Seaimpíní a craoladh in2013.[4] Bhuaigh sé imreoirí na blianta trí huaire. Rinne Henry a chéad chluiche sinsir do Chill Chainnigh sa léig náisiúnta i1999. Chuaigh sé ar scor i2015. D'imir sé leCill Chainnigh ar feadh 16 bliana.[5]
D’fhás Henry suas i mBaile Héil, Co. Chill Chainnigh. D’fhás sé aníos i dteach tábhairne an teaghlaigh. Bhí feirm ag a mhuintir chomh maith leis an teach tábhairne.[6]Bhí baint ag teaghlach Henry leis anCumann Lúthchleas Gael i gcónaí.
Chuaigh Henry ar an mbunscoil iScoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Baile Héil, Co. Chill Chainnigh. Ba í an iománaíocht príomh-chaitheamh aimsire Henry mar pháiste. Thug sé a chamán i ngach áit leis. Bhí camán agus liathróid leis i gcónaí ag déanamh obair feirme. D’fhéach sé suas le deartháireacha níos sine a d’imir leBaile Héil agus an rath a bhí orthu.[7] D'imir a dheartháireacha níos sine freisin d'fhoirne faoi bhun aois. Bhuaigh duine de na deartháireacha seo Craobh Chómortas na hÉireann faoi 21[8] agus an ceann eile mionaoiseach Craobh Chómortas na hÉireann[9].
D’fhreastail sé ar mheánscoil ina dhiaidh sin i gColáiste Naomh Kieran,Cill Chainnigh. Lean sé ar aghaidh ag freastal ar oideachas tríú leibhéal inInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.[6] .
Henry agus Mae ainmneacha tuismitheoirí Henry, tá triúr deirfiúracha agus triúr deartháir aige freisin. D'imir a athair iománaíocht doWarwickshire i Sasana agus d'imir sé i gCraobh Chluiche Sóisearach na hÉireann i1957.[6] D'imir a mháthaircamógaíocht freisin. D'imir deartháir a mháthair mion-iománaíocht ar mhaithe leCill Chainnigh.
Tá sé pósta faoi láthair le Deirdre Shefflin. Tá cúigear leanaí acu le chéile - triúr buachaillí agus beirt chailíní. Is iad Henry Michael, Freddie agus Tom na buachaillí agus is iad Sadhbh agus Siun a n-iníonacha[10]. Faoi láthair tá sé ag obair mar bhainisteoir díolacháin i 'Bank of Ireland'. Rinne sé bainistíocht ar a fhoireann clubanna Baile Héil ar feadh 2 bhliain, ó2017 go2019.[11]
I 2017, d’fhoilsigh Henrydírbheathaisnéis. Sa leabhar seo labhair Henry faoina shaol agiománaíocht ó thús go deireadh.'Henry Shefflin' an t-ainm atá ar an leabhair. Sa leabhar seo, labhraíonn Henry faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann lena shlí bheatha iománaíocht. I gcuid amháin den leabhar labhraíonn sé faoi nuair a bhuail sé leis an mBanríon Sásana agus le Barack Obama i gceann seachtaine.[12]
Bhí gairmréim fhada iománaíochta ag Henry, ag dul ar scor ag aois 36. Le linn a shlí bheatha, d’imir sé leBaile Héil,Cill Chainnigh,Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus a mheánscoil.
Thosaigh Henry a ghairm bheatha iomána ag imirt leBaile Héil. Thosaigh sé ag imirt iománaíocht nuair a bhí sé cúig bliana d'aois. Le linn a ghairmréime fada le Baile Héil, bhuaigh séceithre theideal Laighean agustrí theideal craobh chomórtas na hÉirinn agussé Craobh Chómortas Contae Cill Chainnigh.[13]
Chuaigh sé ar scor in2016, ansin bhí sé ina bhainisteoir air agus bhainistigh sé an fhoireann ar feadh dhá bhliain. Bhuaigh siad Cluiche Ceannais Clubanna na hÉireann leis i2019. Bhuail siad Naomh Tómas óGaillimh sa chluiche ceannais clubanna na hÉireann i2019.[14]
Blian | In aghaidh | as Contae | Scór |
---|---|---|---|
2007 | Loch Riach | Gaillimh | 3-12 2-08 |
2010 | Port Omna | Gaillimh | 1-19 0-17 |
2015 | Cill Mocheallóg | Luimineach | 1-18 0-06 |
2019 | Naomh Tómas | Gaillimh | 2-28 2-11 |
2020 | Buiríos Ó Luigheach | Tiobaird Árainn | 0-18 0-15 |
Freastal Shefflin go dtíInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. D'imir sé le foireann WIT i gcupán Fitzgibbon. Deir Henry gurbh iad seo na blianta a d’fhorbair sé an chuid is mó mar iománaí. Bhuaigh Henry Shefflin cupán Fitzgibbon i1999 agus2000 le WIT.[7]
Ba é Henry Shefflin dalta réalta de chuid Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Ina chéad bhliain i Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, scóráil sé 2-7 i gcoinneInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. I gcluiche eile i gcoinne Coláiste na nGardaí, scóráil sé raon fada saor in aisce a thug isteach sa chluiche ceannaisColáiste na hOllscoile Corcaigh iad.[16]
I1999, scóráil Henry 2-16 i gceithre chluiche chun cabhrú lena fhoireann cupán Fitzgibbon a bhuachan. An bhliain chéanna sin i1999, fuair Henry a chéad cheann de dheich mbonn Craobh Chomórtas na hÉireann leCill Chainnigh agus an chéad cheann de 11 réalta ar fad aige freisin. In2012, roghnaíodh Shefflin ar fhoireann cupán Fitzgibbon na linne.[16]
Dáta | Ollscoil | Scór | Toradh |
---|---|---|---|
03/02/1999 | Institiúid Teicneolaíocht Phort Láirge vsInstitiúid Teicneolaíocht Baile Átha Luain | 4-17 - 2-08 | WIT |
17/02/1999 | Institiúid Teicneolaíocht Phort Láirge vsInstitiúid Teicneolaíocht Chorcaigh | 0-15 - 0-11 | WIT |
27/02/1999 | Institiúid Teicneolaíocht Phort Láirge vsColláiste Garda Síochana | 1-17 - 2-04 | WIT |
28/02/1999 An Cluiche Ceannais | Institiúid Teicneolaíocht Phort Láirge vsColáiste na hOllscoile Corcaigh | 4-15 - 3-12 | WIT |
ThosaighHenry Shefflin ag imirt le mionaoiseachChill Chainnigh i1996. Ba é Liam Fennelly as Baile Héil roghnóir na foirne. Bhí sé deacair ar Shefflin an fhoireann a dhéanamh ar dtús, ar dtús bhí sé fo-cúl báire.
Roghnaíodh ansin é chun cúinne a imirt lántosaí, a rinne go maith sa phost sin ach bhí sé ina fho-chluiche do chluiche leathcheannais chómortas na hÉireann.[7]
RoghnaighBrian Cody, bainisteoirChill Chainnigh Henry don phainéal sinsearach i1999.[7]Bhí tús Henry Shefflin do Chill Chainnigh le linn na Sraithe Náisiúnta i1999. Bliain ina dhiaidh sin, sa bhliain2000 bhuaigh sé a chéad sárimreoirí.Tháinig feabhas agus feabhas ar a shlí bheatha iomána gach bliain ina dhiaidh sin. Sa bhliain2002, d’imir Henry a dharaCluiche Ceannais na hÉireann.
Sa chluiche ceannais sin, bhí comhscór 2-13 ag Shefflin agus a chara foirneDJ Carey. Sa bhliain2002. Bhuaigh Henry a dhara Sárimreoirí agus imreoir na blianaGPA agus Imreoir na bliana óVodafone agus Texaco[17]. Ceann de na chuimhneacháin is bródúla atá ag Henrys ina shlí bheatha iomána is ea captaen Cill Chainnigh nuair a bhuaigh siad i 2006.[6]Sa bhliain 2009, bhuaigh Cill Chainnigh ceithre stairiúil as a chéile.[18] Sa bhliain 2010 chaill Cill Chainnigh in aghaidh Tiobraid Árainn.
Bliain | Comhraic | Ionad | Scóráil Henry | Toradh |
---|---|---|---|---|
1999 | Corcaigh | Páirc an Crocaigh | 0-05 | Caillte |
2000 | Uíbh Fhailí | Páirc an Crocaigh | 2-03 | Bhuaigh |
2002 | Clár | Páirc an Crocaigh | 1-07 | Bhuaigh |
2003 | Corcaigh | Páirc an Crocaigh | 0-06 | Bhuaigh |
2004 | Corcaigh | Páirc an Crocaigh | 0-05 | Caillte |
2006 | Corcaigh | Páirc an Crocaigh | 0-08 | Bhuaigh |
2007 | Luimineach | Páirc an Crocaigh | 1-02 | Bhuaigh |
2008 | Port Láirge | Páirc an Crocaigh | 0-08 | Bhuaigh |
2009 | Tiobraid Árainn | Páirc an Crocaigh | 1-08 | Bhuaigh |
2010 | Tiobriad Árainn | Páirc an Crocaigh | 0-01 | Caillte |
2011 | Tiobriad Árainn | Páirc an Crocaigh | 0-07 | Bhuaigh |
2012 | Tiobriad Árainn | Páirc an Crocaigh | 0-09 | Bhuaigh |
2014 | Tiobriad Árainn | Páirc an Crocaigh | 0-03 | Bhuaigh |
D'éirigh Henry as an iománaíocht a imirt le Baile Héil i2016. Bliain ina dhiaidh sin, i2018 ba é mar chomh-bhainisteoir na foirne Baile Héil. Bhainistigh sé iad ar feadh dhá bhliain. D'éirigh sé as a phost mar bhainisteoir tar éis dóibh dhá chlub a bhuachan in Éirinn as a chéile. sa bhliain 2019, bhuaigh Baile Héil an Cluiche Ceannais Clubanna na hÉireann in aghaidh Naomh Tómas asGaillimh. Sa bhliain 2020, bhuaighBaile Héil an Cluiche Ceannais Clubanna na hÉireann in aghaidhBuiríos Ó Luigheach óTiobraid Árainn. Tar éis sin, d'éirigh sé as a phost mar bhainisteoir.[19]
Tá an taifead is mó ag Henry Shefflin as Cill Chainnigh as an gcuid is mó de na Dámhachtainí Sárimreoirí san aon áit le seacht ag an lár tosaí. Reáchtálann anCumann Lúthchleas Gael agus anGaelic Players Association searmanas bronnta gach bliain tar éis séasúr na craobhchomórtais a bheith críochnaithe. Sa chraobh dámhachtana seo bronntar 15Sárimreoirí ar imreoirí a shármhaith ag iománaíocht an bhliain sin. Bhuaigh Henry Shefflin 11 Sárimreoirí ina shlí bheatha iománaíocht.[21]
Bliain | Dámhachtainí |
---|---|
2000 | Sárimreoirí |
2002 | Sárimreoirí |
2003 | Sárimreoirí |
2004 | Sárimreoirí |
2005 | Sárimreoirí |
2006 | Sárimreoirí |
2007 | Sárimreoirí |
2008 | Sárimreoirí |
2009 | Sárimreoirí |
2011 | Sárimreoirí |
2012 | Sárimreoirí |
Bhuaigh Shefflin go leorimreoir na bliana. Roghnaíodh é freisin d’fhoireann na ndeich mbliana i 2010.[23] Bhí sé ar cheann de na himreoirí ab fhearr riamh chun iománaíocht a imirt in éineacht leDJ Carey agus cúpla imreoirí eile. Bronntar dámhachtainí imreoir na bliana an oíche chéanna le gradaim Sárimreoirí. Sa bhliain 2002, fuair Shefflinsárimreoir,GPA imreoir na bliana,Vodafone imreoir na bliana agus Texaco imreoir na bliana. Is taifead é sin.[13]
Bliain | Duais |
---|---|
2002 | GPA Imreoir na Bliana |
2002 | Vodafone Imreoir na Bliana |
2002 | Texaco Imreoir na Bliana |
2006 | GPA Imreoir na Bliana |
2006 | Vodafone Imreoir na Bliana |
2006 | Texaco Imreoir na Bliana |
2012 | GPA Imreoir na Bliana |
2012 | Texaco Imreoir na Bliana |
2012 | RTÉ Sports Imreoir na Bliana |
![]() | Issíol faoiOileán na hÉireann é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh. |