Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Anne Frank

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAnne Frank

(1941)Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de)Annelies Marie FrankCuir in eagar ar Wikidata
12 Meitheamh 1929
Maingau Clinic of the Red Cross (Poblacht Weimar)
BásFeabhra 1945
15 bliana d'aois
Campa géibhinn Bergen-Belsen (Gearmáin na Naitsithe)
Siocair bháisBás mínádúrtha (Tíofas)
Áit adhlacthaCampa géibhinn Bergen-BelsenCuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnGiúdachas Leasaitheach
Scoil a d'fhreastail sé/sí6th Montessori School Anne Frank(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheFrankfurt
Merwedeplein 37-II(en)Aistrigh
annex Prinsengracht 263(en)Aistrigh
Frankfurt
Campa géibhinn Bergen-Belsen
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Dathán gruaigeGruaig dhubh
Gníomhaíocht
Réimse oibreDialann
Suíomh oibreAmstardamCuir in eagar ar Wikidata
Gairmdialannaí, scríbhneoirCuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1942 –  1944
TeangachaAn Ollainnis agusan Ghearmáinis
GníomhaireAnne Frank Fund(en)Aistrigh
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairOtto Frank  agus Edith Frank-Holländer
SiblínMargot Frank agusEva Schloss
Duine muintearthaEva Schloss (leasdeirfiúr)Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
3 Meán Fómhair 1944-5 Meán Fómhair 1944Transport from Westerbork to Auschwitz Birkenau on 03/09/1944(en)Aistrigh
1941-1945an tUileloscadh
1941-1945gan stát
1933-1945perished in the Holocaust(en)Aistrigh
campa géibhinn
Gearmáin na NaitsitheCuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinannefrank.orgCuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0290833Allocine: 37054IBDB: 4177TMDB.org: 26162
Facebook: annefrankauthorApple Music: 31091649Musicbrainz: 264a2f9c-e362-47fc-aa3c-9dafc51a9a61Discogs: 1709460Goodreads author: 3720Find a Grave: 6870415Cuir in eagar ar Wikidata

FuairAnnelies Marie "Anne" Frank, a rugadh ar12 Meitheamh1929 iFrankfurt-am-Main saGhearmáin, bás i gcampa géibhinn i mí Feabhra nó Márta 1945.[1] Cé nach raibh Anne Frank ach 15 d’aois nuair a d'éag sí, bhí tionchar aici ar an domhan mar gheall ar andialann a scríobh sí.[2]

sa bhliain 1940, 6. Montessorischool, Niersstraat 41-43, Amsterdam
Pas Anne Frank, Bealtaine 1942

Scríobh sí an dialann thar dhá bhliain nuair a bhí sí féin agus ateaghlach i bhfolach inAmsterdam ó thrúpaíNaitsíocha. Cuireadh an dialann i gcló i ndiaidh a báis, agus thug sé pictiúr dúinn cad é mar a bhí sé eagla do bheatha a bheith ort ar feadh dhá bhliain. Seans gurb í anduine is mó cáil des na milliúinGiúdach a maraíodh le linnan Uileloisce.

Teach Anne Frank inniu
Cuimhneachán, Bergen-Belsen

Saol

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Is saGhearmáin a rugadh agus a tógadh Anne Marie Frank.Giúdaigh a bhí sateaghlach s’aici. Ach bhí orthu an Ghearmáin a fhágáil nuair a tháinig lucht tacaíochtaAdolf Hitler i gcumhacht inFrankfurt, áit a raibh siad ina gcónaí.

Dealbh, Westerkerk, Amsterdam

Ní raibh Anne ach 4 bliana d’aois nuair a d’fhág a teaghlach an Ghearmáin agus a chuaigh siad chun na hÍsiltíre le saol nua a bhaint amach dóibh féin. Fuair Otto Frank, athair Anne, obair imonarchana. Bhí saol iontach sona ag an teaghlach, cé go raibh eagla orthu i gcónaí go dtiocfadh naNaitsithe i gcumhacht in Amsterdam, agus go mbeadh siad go holc do na Giúdaigh.

Bhí an teaghlach faoi bhagairt arís toisc forghabháil na nGearmánach ar anOllainn. Ar6 Iúil1942 chuaigh an teaghlach agus ceathrarGiúdach eile i bhfolach i bhfortheach rúnda in áras a chuideachta i gceantar Prinsengracht. Chuaigh Otto i muinín Miep Gies, fostaí de chuid na cuideachta, agus bhíodh Ollannaigh dhílse ag tabhairtbia agusleabhar don bhuíon a bhí i bhfolach.

Sceitheadh orthu, áfach. Ar an4 Lúnasa1944 fuair saighdiúirí Naitsíocha eolas go raibh daoine ag fanacht i seomraí rúnda sa teach. Tógadh cách go dtí na campaí géibhinn agus ba é Otto amháin a tháinig slán.

Bogadh Anne agus a deirfiúr Margot óAuschwitz (áit ar cailleadh a máthair) goBergen-Belsen. Thall ansin, bhuail antífeas na deirfiúracha. D’éag Margot agus cailleadh Anne go luath ina diaidh. Ghabh arm na Breataine an campa beagán níos déanaí, i mí Aibreáin 1945.

An Dialann

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Leabhar a fuair sí mar bhronntanas lae breithe nuair a bhí sí trí bliana déag a d’úsáid sí mardhialann. Déagóir anamúil, gealgháireach a bhí in Anne ach bhí aigne thar a bheith neamhspleách aici chomh maith agus tá na tréithe seo ar fad léirithe ina dialann.

Tugann sí léiriú grinn orthu siúd a bhí i bhfolach léi agus mar a réitigh nó nár réitigh siad lena chéile. Scríobhadh sí an dialann amhail is dá mba rud é go raibh sí ag labhairt le dlúthchara agus thuig sí nach bhféadfadh sí a cuid smaointe a roinnt chomh hoscailte sin leis na daoine eile.

Bhí meas ag Anne ar anlitríocht agus scríobh sí ar11 Bealtaine1944 gurbh í an mhian ba mhó a bhí aici ná bheith ina hiriseoir agus theastaigh uaithi lá éigin go bhfoilseofaí leabhar bunaithe ar an dialann agus go mbeadh aitheantas aici marscríbhneoir.

Foilseachán

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tharla seo toisc gur chumhdaigh Miep Gies an dialann ó Lúnasa 1944 agus gur thug sí d’Otto é tar éis an chogaidh. D’fhoilsigh seisean é i 1947. Ó shin i leith, tá cáil dhomhanda ar Anne. Toisc an mhacántacht seo agus a cumas nádúrthascríbhneoireachta, tá na milliúin cóip den dialann díolta ar fudan domhain in iliomad teangacha.

Tá cáil chomh maith ó 1960 ar anmúsaem atá san áras i Prinsengracht. Tá an dialann ar taispeáint ann. Tagann beagnach milliún cuairteoir in aghaidh na bliana go dtí an músaem.

Gaeilge

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá aistriúchánGaeilge den dialann ar fáil faoin teidealDialann Cailín Óig aistrithe ag Pádraig De Bléine, le fáil ar Yumpu[3] agus archive.org.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. "'One day they simply weren’t there.' How researchers reconstructed Anne Frank's last months" (en-us). PBS NewsHour (2020-06-12). Dáta rochtana: 2022-03-12.
  2. nicurriculum.org.uk. "Beatha le Bua - Anne Frank". Cartlannaíodhan bunleathanach ar 2020-09-23. Dáta rochtana: 2020.
  3. Anne Frank (1943-1945). "Dialann ar Yumpu". Dáta rochtana: 2022.
  4. Anne Frank (1943-1945). "Dialann ar Archive.org ... pdf chun íoslódáil". Cartlannaíodhan bunleathanach ar 2016-03-04. Dáta rochtana: 2022.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Anne_Frank&oldid=1127070"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp