Ba chóir an t-alt seo aghlanadh, mar: The usual problems with correct article usage Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach arConas Leathanach a Chur in Eagar agus anLámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil.
Istír ían tSualainn (Sualainnis:Sverige), nóRíocht na Sualainne (Sualainnis:Konungariket Sverige) go hoifigiúil, atá lonnaithe igCríoch Lochlann i dtuaisceart na hEorpa. Is í an tríú ball is mó í denAontas Eorpach, agus an cúigiú tír is mó san Eoraip ar fad, agus achar 450,295 ciliméadar cearnach (173,860 míle cearnach) aici. Cónaíonn 87% den daonra (10.5 milliún), áfach, i gceantair uirbeacha dheisceart agus lár na tíre. Ismonarcacht bhunreachtúil í.
Táan Iorua ar an taobh thiar thuaidh di agusan Fhionlainn ar an taobh thoir di, agus tá droichead agus tollán ann idir í agusan Danmhairg san iardheisceart. Tá líne chósta an-fhada aici leMuir Bhailt.
Thart ar 12,000 RCh, ar chúlú na n-oighearchaidhpeanna dóibh, a tháinig na chéad lonnaitheoirí isteach sa tSualainn. As cloch a rinneadarsan a gcuid uirlisí agus arm le haghaidh fiaigh, iascaireachta agus cnuasaigh agus mhairan Chlochaois sa tSualainn go dtí 1,700 RCh, go garbh. Tá an-chuid peitriglifí le fáil sa tSualainn ón aimsir seo agus ón gCré-umhaois a tháinig ina diaidh sin a thaispeánas ainmhithe fiáine, longa rámhaíochta, agus gnéithe de chreideamh an limistéir. Le linn na Cré-umhaoise, ní dhearnadhcré-umha ar bith sa tSualainn féin, ó ní fhaightear fosuithe stáin i gCríoch Lochlann, ach iompórtálaíodh na miotail ó chríocha eile mar Éire agus lár na hEorpa. ThosaighIarannaois na Sualainne sa gcúigiú haois RCh agus ón gcéad aois i leith, bhí tionchar ag naRómhánaigh ar an tír (trí earraí iompórtálaithe, mar shampla).
Ón8ú haois i leith, ar feadh roinnt céadta, rinne daoine as Críoch Lochlann ionsaithe, ionradh, agus trádáil le tíortha eile, ar chuir siad fúthu i gcuid acu freisin, ar fud na hEorpa (agus i mór-ranna eile, go deimhin). Soir is mó a d'imigh Lochlannaigh Shualannacha agus faoi dheireadh na9ú haoise, bhí'Vairingiaigh' de shliocht Lochlannach i gceannas iRús Chív. An mórthuras deireanach a rinne Lochlannaigh Shualannacha, go bhfios dúinn, ná turas Ingvar Fadtriallach (b. 1041) a throid satSeoirsia.
Is i rith na linne seo, thart ar an mbliain 1000, a aontaíodh tíortha na Sualannach agus na nGotach faoi aon rí amháin, Olof Skötkonung.
Aontaíodh an tSualainn mar aon ríocht ámhain sa dara céad déag. Sa 14ú céad a mhéadaigh an chumhacht ríoga agus sa bhliain1397 aontaíodh tuaisceart na hEorpa go léir san Aontas Kalmar faoi bhanríon na Danmhairge, Margareta. Ghabh Gustav Eriksson Vasa an smacht sa tSualainn1523 tar éis cogaidh chathartha. Fuair an tSualainn cumhacht mhór tar éis buanna móra ar pháirceanna an áir sa 16ú céad ach ní raibh acmhainn go leor aici sa chéad dár gcionn chun a críocha a choinneáil agus chaill sían Fhionlainn donRúis sa bhliain1809.
Tháinig anRéabhlóid Thionsclaíoch measartha mall chuig an tSualainn ach bhí foirgníocht na n-iarnród sa dara leathchéad tábhachtach ar son na forbartha. Ba thabháchtach ar an ardán idirnáisiúnta iad comhlachtaí leictreonaice agus ceimice mar L.M. Ericsson agus Nitroglycerin-Aktiebolaget (Comhlacht Nítriglicrín).
Bhí an tSualainn neodrach saChéad Chogadh Domhanda.Fuair mná Sualannacha ceart na vótála sa bhliain1921 agus fuair an Páirtí Sóisialta Daonlathach an chumhacht faoi Hjalmar Branting.
Bhí dóchas ag na tíortha i dtuairsceart na hEorpa a neodracht a choinneáil saDara Cogadh Domhanda ach chaill siad an dóchas seo nuair a d'ionsaighAontas na Sóivéadach an Fhionlainn agus nuair a d'ionsaighan Ghearmáin Naitsíoch an Iorua agus an Danmhairg. D'éirigh leis an Sualainn gan bheith forghabhtha trí mheán polaitíochta pragmataí.
Tar éis dheireadh an chogaidh, fuair rialtas Sóisialta Daonlathach an chumhacht agus i rith na 1950í agus na 1960í athraíodh polaitíocht an mhargaidh saothair agus beartas sóisialach leasaithe. Thug an tsail bharra eacnamaíoch caighdéan maireachtála ní b'fhearr do chuid mhór den bhunadh i rith na mblianta sin.
Chuaigh an tSualainn isteach sanAontas Eorpach sa bhliain 1995.
Táionchas saoil an-ard ag an tSualainn. Thart ar an 12 Lúnasa2004, chuaigh daonra na Sualainne thar 9,000,000 den chéad uair i stair na tíre. Tá 17,000 Sámach dúchasach ina gcónaí sa tSualainn. Tár éisan Chéad Chogadh Domhanda bhí imirce nórmálta ach tar éisan Dara Cogadh Domhanda go dtí inniu tá inimirce níos nórmálta. Faoi láthair, rugadh nach mór 12% de chónaitheoirí na tíre thar lear.
Cainteoirí na Sualainnise. Tabhair faoi deara líon na gcainteoirí in iarthar na Fionlainne.
Is ían tSualainnis teanga oifigiúil na Sualainne. Ceann de nateangacha Lochlannacha atá inti (nó nateangacha Gearmáinice Thuaidh) agus í an-chosúil leisan Ioruais agusan Danmhairgis. Tuigeann cainteoirí Ioruaise an teanga gan mórán stró agus bíonn sé de chumas ag cainteoirí Danmhairgise í a thuiscint, cé nach bhfuil sé chomh héasca. Mar an gcéanna, tuigeann cainteoirí Sualainnise an dá theanga ach an Ioruais níos fusa.
Dar lehInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime naNáisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an tSualainn an 6ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 2ú tír is forbartha sanAontas Eorpach, as 28 ceann.[1] IdTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an tSualainn an 9ú tír is sona, as 156 thír.
I Mí na Samhna 2018, bhí rátadífhostaithe na tíre ar 6.2%, an 18ú leibhéal is fearr san Aontas Eorpach.[2]