Tír thalamhiata atá suite i lár nahEorpa is eaan tSlóvaic (Slóvaicis:Slovensko), nó, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil,Poblacht na Slóvaice (Slóvaicis:Slovenská republika). Is ían Bhratasláiv an phríomhchathair agus an chathair is mó sa tír. Is iadPoblacht na Seice,an Ostair,an Ungáir,an Pholainn agusan Úcráin na tíortha a roinneann teorann léi. Tá daonra 5 milliún inti agus is é achar an stáit 49,000 km2. Tá an tír ina ball denAE,NATO,OECD,WTO, agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta eile chomh maith.
Tháinig na Slavaigh go dtí críocha na Slóvaice idir an5ú haois agus an6ú haois. Bhí ceantair éagsúla den tír mar chuid d'Impireacht Samo, den Mhór-Mhoráiv (céad aonad polaitíochta na Slavach), de Ríocht na hUngáire, d'Impireacht Hapsburg, agus den tSeicslóvaic ag amanna difriúla i stair na hEorpa. Bhain sí a neamhspleáchas amach ar an1 Eanáir1993, i ndiaidh dhíscaoileadh na Seicslóvaice.
Ó thimpeall450 RCh, bhí naCeiltigh ina gcónaí sa cheantar agus thóg siadoppida cumhachtacha saBhratasláiv agus inHavránok. Is iad naBiatecs, boinn airgid a raibh ábhar scríofa in aibítir na Laidine greanta orthu, an chéad phíosa d'fhianaise den scríbhneoireacht sa tír. Le méadúImpireacht na Róimhe bhí urphoist na himpireachta suite timpeallAbhainn na Danóibe. Bhí Ríocht Vannius, ríocht treibheacha barbaracha ar bhunaigh an treibh GhearmánachQuadi í, suite in oirthear agus i lár na tíre ó20 go50 AD.
Bhí na Slavaigh ina gcónaí san áit faoin5ú haois. Bhí oirthear na Slóvaice mar lár ar Impireacht Samo sa7ú haois. D'fhás stát Slavach, darbh ainmPrionsacht Nitra, san 8ú haois, agus bhunaigh an chéad rialtóir Pribina an chéad séipéal Críostaí ann sa bhliain828. Chomh maith leis an Mhoráiv, bhí an phrionsacht seo mar chroílár Impireacht Mhór na Moráive ó833.
Tar éis dhínascadh Impireacht Mhór na Moráive ag tús an10ú haois, thosaigh na Maigiaraigh ag forghabháil tailte na Slóvaice agus faoi dheireadh na haoise bhí cuid mhaith d'oirdheisceart na tíre faoi riail Phrionsacht na hUngáire agus ina dhiaidh sin faoi riail Ríocht na hUngáire. Faoi c.1300 bhí cuid mhaith den tír sa ríocht seo. Ar feadh dhá aois i ndiaidh sin bhí féinriail acu faoi Nitra (fós i Ríocht na hUngáire).
Rinne na Mongólaigh ionradh ar an áit sa bhliain1241. Chomh maith leis sin, tháinig laghdú suntasach ar an líon daoine mar gheall ar ghorta a tharla ann. Sa bhliain1467, bhunaigh Matthias Corvinus an chéad ollscoil sa Bhratasláiv, ach níor mhair sé.
De bharr fhás na hImpireachta Otamánaí aistríodh lár Ríocht na hUngáire go dtí an Bhratasláiv, agus rinneadh í ina príomhchathair de Ríocht na hUngáire sa bhliain1536. Lean léi mar phríomhchathair na tíre faoin monarcacht Habsburg go dtí1848.
I rith réabhlóid1848-49 thug na Slóvacaigh tacaíocht d'Impire na hOstaire toisc nach raibh siad ag iarraidh a bheith mar chuid den Ungáir. Theip orthu, agus cuireadh iad faoi chois rialtas na hUngáire le blianta ina dhiaidh.
Sa bhliain1918, chuaigh an tSlóvaic leis an mBoihéim agus an Moráiv chun tír nua, an tSeicslóvaic, a chruthú. D'ionsaigh rialtas sealadach na hUngáire an tír agus forghabhadh 1/3 den tír.
Agusan Dara Chogadh Domhanda ar na bacáin, briseadh suas an tír. Bhunaigh na Faisistigh faoina gceannaire, Jozef Tiso, an chéad phoblacht Slóvaicigh, agus d'fhorógair siad a neamhspleáchas ón tSeicslóvaic sa bhliain1939. Ach ní raibh ann ach rialtas soip a bhí ar teaghrán ag na Naitsithe. Cuireadh tús le gluaiseacht fhíochmhar frithbheartaíocha in aghaidh na Naitsithe, Éirí Amach Náisiúnta na Slóvacach in1944. Tháinig forghabháil fhuilteach, agus cogadh cathartha, sna sála air sin. Díbríodh cuid mhaith den phobal Giúdach as an tír agus ba mhar a shlogfadh an talamh iad an tslí inar imigh siad gan tásc ná tuairisc le linn aimsir anUileloiscthe.
I ndiaidh an Dara Chogadh Domhanda, crochadh Jozef Tiso sa bhliain1947 agus cruthaíodh an tSeicslóvaic den athuair. Diaidh ar ndiaidh, chuaigh an tAontas Sóivéadach i bhfeidhm ar an tír agus de réir a chéile rinneadh an tír ina cuid de chónaidhm na dtíortha Cumannacha uile.
Cuireadh deireadh le réimeas na gCumannaithe in1989, le linn na réabhlóide síochánta sin, an Réabhlóid Veilbhit, agus lánscoireadh an tír arís. Rinneadh dhá thír dhifriúla den tSeicslóvaic:Poblacht na Seice; agus an tSlóvaic ar an1 Eanáir,1993. Sa lá atá inniu ann, tá an tír ina ballstát denAontas Eorpach ó bhí mí naBealtaine2004 ann.
Tá an tír roinnte in 8kraje (nó réigiún). Ainmnítear iad as an bpríomhchathair atá sa réigiún. Tá roinnt mhaith áirithe féinrialuithe ag na limistéir seo ó bhí 2002 ann. Seo a leanas liosta de na limistéir:
Tá na "kraje" seo roinnte arís ina n-okresy nó tuathcheantair, a bhfuil 79 díobh san iomlán.
Maidir leis an eacnamaíocht agus an dífhostaíocht, tá na réigiúin oirthearacha níos saibhre ná na réigiúin iartharacha ach níl an difríocht seo róshuntasach i gcomparáid le difríochtaí réigiúnacha atá i dtíortha eile.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.