Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

An tSeapáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn tSeapáin
日本 (ja)Cuir in eagar ar Wikidata
BratachArmas
BratachArmas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnKimi ga YoCuir in eagar ar Wikidata

Mana«Endless discovery»
«Y Darganfod Diddiwedd»
«Descubrimento sen fin»Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail oifigiúilSasakia charonda,Piasún uaine,bláth an chrainn silíní,Chrysanthemum morifolium agussúmóCuir in eagar ar Wikidata
LeasainmСтрана Восходящего Солнца,Terra del sol naixent,The Land of the Rising Sun,ארץ השמש העולה,Land der aufgehenden Sonne,日出る国,Pays du Soleil levant,Країна Сонця, що сходить,Země vycházejícího slunce agusКраіна ўзыходзячага сонцаCuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómóséirí na gréineCuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 35° N, 136° E /35°N,136°E /35; 136

PríomhchathairTóiceoCuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán123,802,000 (2024)Cuir in eagar ar Wikidata
 Dlús327.54hab./km²
DéamainmSeapánachCuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan tSeapáinisCuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnSinteochas,an Búdachas agusan ChríostaíochtCuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dean Áise ThoirCuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla377,972.28 km²Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir na Seapáine,an tAigéan Ciúin,Muir Ocatsc,Muir na Síne Thoir agusan Mhuir FhilipíneachCuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeSliabh Fuji (3,776 m)Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleHachirōgata(en)Aistrigh (−4 m)Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síSecond Shō Dynasty(en)Aistrigh agusImpireacht na SeapáineCuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 29 Samhain 1890:  (Bunreacht Meiji)
3 Bealtaine 1947:  (Bunreacht na Seapáine)
11 Feabhra 660 "RCh":  (Q1209728, Q20042053)
Eachtra thábhachtach
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht bhunreachtúilCuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinCabinet of Japan(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachKokkaiCuir in eagar ar Wikidata
 Impire na SeapáineCuir in eagar ar WikidataAkihito(1989–2019)Cuir in eagar ar Wikidata
 Príomh-Aire na SeapáineCuir in eagar ar WikidataSanae Takaichi(2025–)Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeArd-Chúirt na SeapáineCuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil5,005,536,736,792 $ (2021)Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadrayenCuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.jpCuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+81Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála119,110 agus118Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreJPCuir in eagar ar Wikidata

X: JapanGovProject Gutenberg: 321Cuir in eagar ar Wikidata

Istír in oirthuaisceart na hÁise ían tSeapáin (Nippon/Nihon; 日 (grian); 本 (fréamh ach bunús); 国 (tír), go litriúiltír bunús nagréine). Tá sí suite idiran tAigéan Ciúin agusMuir na Seapáine.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Oileánra atá sa tSeapáin. Tá timpeall ar 6,800 oileán ann ar fad, ach is iadKyūshū (九州),Shikoku (四国),Honshu (本州, an t-oileán is mó), agusHokkaidō (北海道) na cinn is tábhachtaí. Tásléibhte arda sa chuid is mó de na hoileáin, agusbolcánachas áirithe ann chomh maith. Is bolcán é Sliabh Fuji freisin, arb é an sliabh is airde sna hoileáin.

Tá beagnach 128 milliún duine ina gcónaí sa tSeapáin, agus mar sin, tá sí ar an deichiú tír is mó daonra. Is é réigiúnThóiceo an mórcheantar uirbeach is mó uirthi.

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tugann fianaise naseandálaíochta le fios go raibh áitreabh daonna sa tSeapáin chomh luath leis an ré Phailéiliteach Uachtarach, is é sin, tríú trian na ré Pailéilití, 40,000-10,000 bliain ó shin.

Rinneadh an chéad tagairt liteartha don tSeapáin sa chéad aois AD, i dtéacsanna stairiúla óntSín.

Bhí tréimhsí na hoscailteachta agus tréimhsí na scoilteachta ag teacht sna sála ag a chéile ansin. Le linnTréimhse Meiji (明治維新, Meiji Ishin), thosaigh an tSeapáin ag trádáil leis an domhan.

An Dara Cogadh Domhanda

[cuir in eagar |athraigh foinse]

D'fhógair an tImpire Hirohito gur ghlac an tSeapáin anfógra Potsdam ar an15 Lúnasa1945 (an craoladh "Jewel Voice")[1]. Mar sin, ghéill an tSeapáin, agus chuir an craoladh seo críoch leis an gcogaíocht.

Ar an2 Meán Fómhair1945, shínigh an tSeapáin géilleadh gan chomha ar bhord naloinge USS Missouri ag cur deireadh leis anDara Cogadh Domhanda.

Borradh iarchogaidh

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ó glacadh le Bunreacht na Bliana 1947, tá córaspolaitiúil na tíre bunaithe ar impireacht bhunreachtúil. Is é an tImpire atá ag rialú na tíre go hoifigiúil, ach is ag an bParlaimint, ankokkai, atá an fhíorchumhacht. Mar sin, is tír dhaonlathach pharlaiminteach í an tSeapáin, go praiticiúil.

Déimeagrafaic

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Cé nach bhfuil sí ainmnithe ina teanga oifigiúil na Seapáine, is í an tSeapáinis príomh-theanga na tíre, agus labhraíonn 99% na Seapánach leaganacha éagsúla den teanga. Thairis sin, áfach, tá na teangacha in Oileáin Ryukyu i nDeisceart na Seapáine chomh difriúil agus go bhfuil sé ciallmhar glacadh leo mar theangacha gaolmhara, seachas mar chanúintí na Seapáinise. Tá iarsmaí áirithe denteanga Ainu fágtha i dTuaisceart na Seapáine. Teanga í sin nach bhfuil gaol ar bith aici leis an tSeapáinis ná le haon teanga eile. Saothraítear í mar chaitheamh aimsire cultúrtha, ach dealraíonn sé nach bhfuil cainteoirí dúchais ar bith ann inniu.

Is iad na Seapánaigh an dream eitneach is mó atá ann, cé go bhfuilCóiréigh agus Sínigh ina gcónaí sa tír chomh maith. Le fírinne, is iad naBurakumin an mionlach is tábhachtaí sa tSeapáin. Ní mionlach eitneach iad, áfach, ach aicme ar leith. I ré fheodach na Seapáine, bhí naBurakumin (部落民) ag plé le ceirdeanna a raibhneamhghlaine dheasghnách nó bás ag baint leo, is é sin, ag búistéireacht, ag súdaireacht, ag adhlacadh daoine marbha nó ag cur daoine daortha chun báis. Chuaigh an neamhghlaine dheasghnách greamaithe sna daoine seo, agus iad ag cur fúthu i ngeiteonna dá gcuid féin ionas go bhféadfadh na Seapánaigh eile iad a sheachaint. Níor tháinig maolú ar an leithcheal seo ach le déanaí, agus inniu féin is iomaí Seapánach nach gceadódh dá mhac nó dá iníon duine de naBurakumin a phósadh.


Limistéir Riaracháin na Seapáine

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Limistéir Riaracháin na Seapáine
Réigiún na Seapáine
Maoracht na Seapáine
Cathracha Sainithe na Seapáine
Croí-Cathracha na Seapáine
Cathracha Speisialta na Seapáine
Cathracha na Seapáine
Bailte na Seapáine
Sráidbhailte na Seapáine

Is iad na 47 Maoracht an céad leibhéal sna limistéar riaracháin sa tSeapáin. Is Méara tofa díreach ag an bpobal é an príomhfheidhmeannach i ngach Maoracht. Bíonn nadlíthe agus buiséid aontaithe i dtionól aon seomra reachtaigh.

Tá gach maoracht foroinnte ina gCathracha agus Ceantair. Bhíonn na Ceantair foroinnte i mbailte agussráidbhailte.

Tá an sráidbhaile níos mó ná an lonnaíocht féin, toisc gur fo-roinn den cheantar faoin tuath (郡gun) é. De bharr comhnascadh, tá an méid sráidbhailte sa tSeapáin ag dul i laghad.

Tá leagan amach na Limistéir Riaracháin á dhéanamh, le sprioc cathracha, bailte, agussráidbhailte a chomhnascadh le chéile le súil go laghdófar costais riaracháin trí lárú an chóras rialtais aitiúil.

an tSeapáin roinnte i Réigiún

Go traidisiúnta, tá an tSeapáin roinnte in ocht Réigiúin, cé nach limistéir riaracháin oifigiúil iad.

Eolas

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Wikipedia."Jewel_Voice_Broadcast".Dáta rochtana: 12 Lúnasa 2018.
NáisiúinG-20
Issíol faoi thíreolaíocht naSeapáine é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=An_tSeapáin&oldid=1295876"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2026 Movatter.jp