Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

An tSean-Éigipt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn tSean-Éigipt

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 30° N, 30° E / 30°N,30°E /30; 30
Tíreolaíocht
Cuid deAncient North Africa(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sían Éigipt Réamhstairiúil agusPredynastic Period of Egypt(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Cruthú4 mílaois "RCh"
Díscaoileadh30 "RCh"
Aitheantóir tuairisciúil

Is iad napirimidí na siombalaí is so-aitheantaí don sibhialtacht ársa na hÉigipte. Is seansibhialtacht ían tSean-Éigipt a bhí suite in oirthuaisceart na hAfraice sa réigiún timpeall naNíle ina bhfuilan Éigipt nua-aimseartha ina seasamh sa lá atá inniu ann.

Deirtear gur cuireadh tús leis an tsibhialtacht timpeall na bliana3150 RC leis an aontú polaitiúil idiran Éigipt Uachtarach agusan Éigipt Íochtarach faoi cheannas an chéidFharó (tá fianaise ón snoíodóireachtaí na carraigeacha ar na lochtáin naNíl), agus lean sí ar aghaidh ag forbairt le linn na trí mhílaois ina dhiaidh sin.

Roinntear stair na sibhialtachta ina tréimhsí seasmhacha, ar a tugtarRíochtaí, agus na tréimhsí neamh-sheasmhacha eatarthu ar a tugtarTréimhsí Idirmheánacha. Tar éis na ríochta deireanach,an Ríocht Nua a tugtar air, thug an tsibhialtacht aghaidh ar ré ina raibh meath mall ag tarlú, le hionraí rialta ó stáit eile ón réigiún máguaird. Críochnaíodh riail na bhFarónna go hoifigiúil sa bhliain31 RC nuair a ghlacImpireacht na Róimhe, an tsárchumhacht nua, seilbh ar an réigiún, agus rinneadh cúige Rómhánach di.

Rud amháin a chuir go mór le fás na Sean-Éigipte ná an méid sochair a bhain siad amach as na dálaí a bhí ar fáil i ngleann abhann na Níle. Le huisciú an ghleanna, bhí siad ábalta táirgí barrachais a chruthú, rud a spreag forbairt sóisialta agus cultúrtha. Le hacmhainní breise, rinne na húdaráis urraíocht ar saothrú mianraí an ghleann, luathfhorbairt archóras scríbhneoireachta, tionscadail tógála agus talmhaíochta, trádáil leis an réigiún máguaird, agus arm a bhí in ann an tír a chosaint ó namhaid agus ceannas na sibhialtachta a dhearbhú. Na daoine a spreag agus a eagraigh na gníomhaíochtaí seo ná na scoth-scríobhaithe, na ceannairí, agus na riarthóirí a bhí go léir faoi smacht an Fharó, an ceannaire diaga a chinntigh comhoibriú agus aontacht na nÉigipteach le córais reiligiúnacha ilchasta.

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Issíol faoinÉigipt é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=An_tSean-Éigipt&oldid=1261397"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp