Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

An tAntrasc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarAntrasc
cuir in eagar
Cineálprimary bacterial infectious disease(en)Aistrigh,zónóis,primary Bacillaceae infectious disease(en)Aistrigh agusgalarCuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisgalair thógálacha agustréidliachtCuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaíothras,masmas,buinneach,rectorrhagia(en)Aistrigh,hematochezia(en)Aistrigh,at,liomfadainíteas agusmeningism signs(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Scrúduithescrúdú fisiciúil,áireamh eiritricítí críochnúil,Ascoli's test(en)Aistrigh,cultúr mhicribhitheolaíochta agusmicreascóp solaisCuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Suíomhcraiceann,córas limfeach,faireog limfe,scamhóg,stéig agusmeiningíCuir in eagar ar Wikidata
Cúis ghéiniteachSPSB1 agusASTN2Cuir in eagar ar Wikidata
Tarchur pataigineachcontact transmission(en)Aistrigh,tras-seoladh aeriompartha agusvector-borne transmission(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Cúisanthrax toxin(en)Aistrigh agusBacillus anthracisCuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-111B97Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-10A22.9 agusA22Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9022.9,022 agus022.8Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0167139 agus0079233Cuir in eagar ar Wikidata
OMIM606410Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB1203Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus001325Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine212127Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKanthraxCuir in eagar ar Wikidata
MeSHD000881Cuir in eagar ar Wikidata
UMLSCUIC0003175Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:7427Cuir in eagar ar Wikidata

Galar géar tobann dainséarach é an t-antrasc a bhuaileann idir dhaoine agusainmhithe. Is é anbaictéar údBacillus anthracis is cúis leis. Tá vacsaíní maithe ann leis an antrasc a chosc roimh ré, agus is féidir tréithchineálacha áirithe a chloí le hantaibheathaigh, ach tríd is tríd, is galar tromchúiseach é ar fearr gan é a tholgadh. Cosúil lena lán baictéar eile den ghéineas údBacillus, is féidir leis an antrasc spóir shuanacha a dhéanamh a mhaireann na scórtha bliain ag fanacht lena ndeis, ach nuair a thiocfaidh siad i dteagmháil le horgánach an duine nó an ainmhí, músclóidh siad arís, agus iad ag clannú leo go tiubh téirimeach. Is féidir leo teacht isteach tríd an análú nó trí chneácha oscailte, nó as feoil an ainmhí ionfhabhtaithe. De ghnáth, análaíonn na luibhiteoirí isteach iad, agus ansin, tolgann na feoiliteoirí an galar nuair a itheann siad feoil na luibhiteoirí.

An tAntrasc ar na hAinmhithe

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Bacillus anthracis

Tá a fhios ag an gcine daonna le fada go bhfuil a leithéid de ghalar agus antrasc ann agus gur dual do na caoirigh agus do na ba é a tholgadh. Creidtear gurbh é an t-antrasc an Séú Plá, a luaitear in Eaxodus saBhíobla (Eax. 9:8-12):

Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: Tógaigí croibh súiche ón bhfoirnéis agus caitheadh Maois in airde san aer iad i radharc Fhorainn. Déanfar smúit mhín de os cionn talamh na hÉigipte go léir agus déanfar neascóidí de ag briseadh amach ar dhaoine agus ar ainmhithe ar fud chríocha na hÉigipte go léir. Thógadar súiche ón bhfoirnéis agus sheas os comhair Fhorainn. Chaith Maois in airde san aer é agus rinneadh neascóidí de ag sceith ina bpucháin ar dhuine agus ar ainmhí. Níor fhéad na draíodóirí aghaidh a thabhairt ar Mhaois de bharr na neascóidí mar bhí na neascóidí ar na draíodóirí mar a bhí ar na hÉigiptigh go léir. Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus, mar a dúirt an Tiarna, níor thug sé cluas dóibh.

—(lch.65 in:An Bíobla Naofa, arna aistriú ón mbuntéacs faoi threoir ó Easpaig na hÉireann maille le Réamhrá agus Brollaigh. An Sagart, Maigh Nuad 2000.)

AinmníonnHóiméar an t-antrasc freisin sanIliad, agus tráchtannVergilius air ina dhán teagascach faoi chúrsaí talmhaíochta,Georgica.

An tAntrasc ar an Duine

[cuir in eagar |athraigh foinse]

An tAntrasc sna Scamhóga

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Is é an tolgadh tríd nascamhóga an cineál is dainséaraí. Go bunúsach, i ndiaidh don othar na spóir a análú isteach, mothóidh sé airíonna an ghnáthfhliú air féin ar dtús, ach i gceann cúpla lá, clisfidh a chóras riospráide air. Is dual do bhreis is naonúr in aghaidh an deichniúir de na hothair bás a fháil as an gcineál seo antraisc mura dtabharfar cógais dóibh, ach má thugtar féin, gheobhaidh duine as gach beirt bás.

An tAntrasc sa Chonair Ghastraistéigeach

[cuir in eagar |athraigh foinse]

An té a íosfaidh feoil thruaillithe, tolgfaidh sé an t-antrasc gastraistéigeach. Is iad na hairíonna is dual dó ná urlacan fola, buinneach, athlasadh géar sa chonair stéigeach, agus tormas ar bhia. Nuair a bheidh an córas gastraistéigeach ar fad truaillithe ag an bhfrídín, ionsóidh sé imshruthú na fola, agus tuilleadh tocsainí á tháirgeadh aige idir an dá linn. Is féidir an t-antrasc gastraistéigeach a leigheas le cógais, ach gheobhaidh 25 % - 60 % de na hothair bás mar sin féin, ag brath ar cé chomh luath is a thabharfar an phurgóid cheart don othar.

An tAntrasc sa Chraiceann

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Is féidir an t-antrasc a tholgadh tríd an gcraiceann fosta. Aithneofar othras ar an áit ar tháinig na frídíní i dteagmháil leis an gcraiceann. Is ar éigean a gheofá bás leis an gcineál seo antraisc, ach is féidir leis an othras dul chun dainséir agus tocsaeime isseipsis a thabhairt don othar (is é sin, a imshruthú fola a thruailliú le tocsainí, nó nimheanna baictéaracha), mura leigheasfar an t-othar mar is cuí.

An tAntrasc sa Chogaíocht Bhitheolaíoch

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Is féidir úsáid a bhaint as na spóir antraisc lecogadh bitheolaíoch a chur, ar chúiseanna éagsúla: bíonn na spóir fadsaolach, is furasta iad a tháirgeadh, agus thairis sin, is deacair an galar féin a aithint in am: ar dtús, is deacair an t-antrasc scamhógach a aithint thar ghnáthshlaghdán, agus ar an dóigh chéanna, is beag idir an t-antrasc gastraistéigeach agus rup rap den chineál neamhurchóideach, ó thaobh na n-airíonna de.

Sceimhlitheoireacht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ar an21 Deireadh Fómhair2001, bhásaigh an tríú duine snaStáit Aontaithe de bharr antrasc.

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Issíol faoingalar é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=An_tAntrasc&oldid=1195071"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp