Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

An Tuirc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Tuirc
Türkiye Cumhuriyeti (tr)
Türkiye (tr)Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

Aintiúnİstiklâl Marşı (12 Márta 1921)Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Yurtta sulh, cihanda sulh»
«Heddwch gartref, heddwch yn y byd»Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 39° N, 36° E /39°N,36°E /39; 36

PríomhchathairAnkaraCuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán85,372,377 (2023)Cuir in eagar ar Wikidata
 Dlús108.95hab./km²
Líon na dteaghlach26,075,365 (2022)Cuir in eagar ar Wikidata
DéamainmTurcachCuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan TuircisCuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dena Balcáin
Imchuach na Mara Duibhe
Imchuach na Meánmhara
an Meánoirthear
an EoráiseCuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla783,562 km²Cuir in eagar ar Wikidata
Imeallbhord8.333 kmCuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uiscean Mheánmhuir,an Mhuir Dhubh,An Mhuir Aeigéach agusan Mhuir LeiveantachCuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Ararat(en)Aistrigh (5,137 m)Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is íslean Mhuir Dhubh (0 m)Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sían Impireacht OtamánachCuir in eagar ar Wikidata
Cruthú29 Deireadh Fómhair 1923
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisstát aonadach aguscóras uachtaránachtaCuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháingovernment of Turkey(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachGrand National Assembly of Turkey(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
 Uachtarán na TuirceCuir in eagar ar WikidataMustafa Kemal Atatürk(1923–1938)Cuir in eagar ar Wikidata
 Uachtarán na TuirceCuir in eagar ar WikidataRecep Tayyip Erdoğan(2018–)Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil819,034,484,303 $ (2021)Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadralira na TuirceCuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.trCuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+90 agus +36Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 agus177Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreTRCuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSTRCuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinturkiye.gov.trCuir in eagar ar Wikidata

Facebook: edevletkapiX: ekapiInstagram: edevletkapisiYoutube: UChX28IHPQ2jyaBatdfRqGSQCuir in eagar ar Wikidata

Tír is eaPoblacht na Tuirce (Tuircis:Türkiye Cumhuriyeti) a bhfuil 7% dá hachar suite sanEoraip agus 93 % de sanÁise. Is íAncara anphríomhchathair ach táIostanbúl ar an gcathair is mó.

Tá an tír roinnte ina haon chúige is ceithre scór (il a thugtar ar chúige as Tuircis,iller an uimhir iolra).

Príomhgheata Pálás Dolmabahçe in Iostanbúl

Daonra

[cuir in eagar |athraigh foinse]

I mí Lúnasa 2006, measadh go raibh 70 milliúnduine ina gcónaí sa Tuirc. Ach sa bhliain 2021, bhí 85 milliún ann, ag cur brú mór ar ansochaí.[1]

Cé go bhfuil anTuircis ó dhúchas ag an gcuid is mó acu, tá mionlaigh mhóra eitneacha sa tír.

Tá an Tuirc suite i réigiún a chuir a lán craiceann de ó thaobh na teanga agus anchultúir de i rith na gcéadta bliain. Bhí anImpireacht Bhiosántach agus anImpireacht Otamánach suite anseo. Ós rud é go bhfuil an Tuirc lonnaithe in áit chinniúnach idir an Eoraip agusan Áise, tá cultúr measctha aici ina dtagann traidisiúin an Iarthair agus an Oirthir le chéile. Is minic a deirtear gur droichead idir an dá thrá seo is ea an Tuirc. Dá réir sin, tá tábhacht straitéiseach na Tuirce i súile na gcumhachtaí móra ag dul chun méadaíochta le fada.

Is iad naCoirdínigh an dreameitneach is mó a bhfuilteanga agus nósanna dá gcuid féin acu, ach is deacair breithiúnas maith a thabhairt ar a gcéatadán, ós rud é nach gceadaíonn reachtaíocht na Tuirce go dtabharfaí aitheantas ar bith do na saindreamanna eitneacha sna daonáirimh.

Is é oirdheisceart na tíre fód traidisiúnta dúchais na gCoirdíneach, ach chuaigh cuid mhór acu a chónaí in Iostanbúl nó go dtí na cathracha móra eile, ós rud é go bhfuil an t-atmaisféar níosliobrálaí iontu. Sna ceantair oirdheisceartacha, áfach, tá Arm na Tuirce ag curcatha ar na treallchogaithe Coirdíneach atá ar lorgneamhspleáchais. Fuair tríocha míle duinebás ar a laghad sa choimhlint seo ó na1970idí anuas, agus andaonra sibhialta go mór mór thíos leis an gcogadh seo.

Polaitíocht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Poblachtdhaonlathach lárnaithe is ea an Tuirc, fós.

Tá an Tuirc ina ballstát bunaithe de naNáisiúin Aontaithe, d'Eagraíocht na Comhdhála Ioslamaí, den Eagraíocht um Chomhoibriú agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), agus den Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip (OSCE).

Tá an Tuirc ina ballstát deChomhairle na hEorpa ón mbliain 1949 anuas, agus chuaigh sí sanECAT (NATO) sa bhliain 1952.

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Kemal Atatürk

B'éMustafa Kemal Atatürk, thiar sa bhliain 1923, a chuir an chéad tús leis an gcóras polaitiúil atá i bhfeidhm sa tír inniu, nuair a thit an tóin as anImpireacht Otamánach i ndiaidhan Chéad Chogadh Domhanda.

Ar an 28 Márta 1930 bhí athrú na hainmneacha ar dhá chathair sa Tuirc: Iostanbúl (Cathair Chonstaintín) agus Ancara (Angora),

Ó 2005 go dtí 2014, bhí an Tuirc ag éirí níos cóngaraí donIarthar. Bhí comhchainteanna ar siúl idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc faoi bhallraíocht iomlán na Tuirce san eagraíocht.

Ar an 28 Lúnasa 2014, toghadh Tayyip Erdogan inauachtarán ar an Tuirc, tar éis dó 11 bhliain a chur isteach mar chéad aire.

Tharla "coup d'état" in aghaidh ar an 15 Iúil 2016[2]. Maraíodh 294 agus gortaíodh 1400.

Theip an réabhlóid. Dúirt iarcheannaire sa bhfórsa aeir Akin Ozturk gurb eisean a phleanáil an coup d'état. Dúirt daoine a thacaigh leis an coup d'état míleata gur iarracht a bhí ann stát daonlathach a dhéanamh den tír.

Bhí os cionn 40,00 duine gafa, baill shinsearacha den arm agus breithimh san áireamh.

Bhí foláireamh tugtha ag ceannairí na hEorpa ag an am go gcuirfear deireadh le deis na Tuirce a bheith san Aontas Eorpach má thugtar pionós an bháis ar ais.

Eacnamaíocht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá an Tuirc ar cheann den 20 geilleagar is mó ar domhan, tír ina bhfuil 85 milliún duine ina gcónaí, agus naisc pholaitiúla agus eacnamaíochta aici le tíortha éagsúla ar fud na cruinne.[3]

Nuair a toghadhErdogan ar dtús in 2003, bhí tréimhse fáis ann ó thaobh na heacnamaíochta ach de réir a chéile mhéadaigh ar an gcáineadh a dhéantaí air, go háirithe mar gheall ar a chur chuige uathlathach ó na 2010idí ar aghaidh.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. "Demographics of Turkey"(as en)(2023-05-26).Wikipedia. 
  2. Na meáin stáit sa Tuirc ag tuairisciú go ndúirt iarcheannaire sa bhfórsa aeir Akin Ozturk gurb eisean a phleanáil an coup d'état,RTÉ 2016.
  3. "Vóta réitigh i ndán d’iarrthóirí thoghchán uachtaránachta na Tuirce"(ga-IE).Tuairisc.ie(2023-05-15).Dáta rochtana: 2023-05-26.
Tá a thuilleadh meán agCómhaoin Wikimediaa bhaineann le:An Tuirc.
Tíortha iarrthacha
NáisiúinG-20
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=An_Tuirc&oldid=1184828"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2026 Movatter.jp