Is ían Spáinnis nóCaistílis teanga náisiúntana Spáinne, chomh maith leis an gcuid is mó deMheiriceá Laidineach. Tá tábhacht ag an teanga, freisin, sna hOileáin Fhilipíneacha, agus i gcuid mhaith de Stáit Aontaithe Mheiriceá, go háirithe de thoradh na hinimirce ó thíortha Mheiriceá Laidinigh. Labhraítear Spáinnis i dtuaisceart Mharacó go fóill, sa chuid den tír a bhí ina coilíneacht ag an Spáinn. Isteanga Rómánsach í, is é sin, is teanga de bhunadh naLaidine í. TugtarCastellano ar go minic, is é sin, an Chaistílis, nó teangaChúige na Caistíle. Dealraíonn sé gur tháinig an Spáinnis, mar theanga nó mar chanúint ar leith, ar an bhfód i gCantabria i dtuaisceart na Spáinne, ach ansin, chuaigh sí in úsáid sa Chaistíl freisin. Sa bhliain1492, foilsíodh an chéad ghramadach chaighdeánach don Spáinnis. Sa bhliain céanna, chuaighCríostóir Colambas, nóCristobal Colón, mar a thugann na Spáinniseoirí air, i dtír san Oileán Úr, agus chuir sé an chéad tús leis an ngabháltas millteanach, anConquista nó an Concas, a rinne na Spáinnigh ansin. Thug siad a dteanga leo, agus ní raibh aon mhoill ar na bundúchasaigh í a fhoghlaim. Mar sin, is í an Spáinnis an teanga Rómánsach is líonmhaire cainteoirí inniu. Creidtear go bhfuil sí ó dhúchas ag ceithre chéad is deich milliún duine, agus an uimhir sin ag dul in airde. Mar sin, tá an Spáinnis ar theangacha móra an domhain.
Is nós le muintir na Spáinneespañol a thabhairt ar an teanga le hí a scaradh ó theangacha náisiúnta na dtíortha eile, ach is rogha leocastellano a thabhairt uirthi le béim ar leith a chur ar an difríocht idir í agus teangacha réigiúnda na Spáinne, anBhascais agus anChatalóinis ach go háirithe. Dá réir sin, is é an téarma a úsáideann bunreacht na Spáinne nácastellano. Iad siúd a bhfuil teanga réigiúnda éigin á labhairt acu, is minic a bhíonn siad míshásta leis an bhfocalespañol, ó shamhlaíonn siad le húsáid oifigiúil na deachtóireachta faoiFrancisco Franco é. Is amhlaidh nach raibh meas an mhadra ag Franco ar na teangacha mionlaigh, agus é den tuairim go gcaithfí iad a bhaint de bhéal na ndaoine agus teanga ghlórmhar na Spáinne a chur ina n-áit. Ón taobh eile de, is féidir do náisiúnaí Bascach nó Catalónach an t-ainm sinespañol a thabhairt ar an teanga, agus é ag iarraidh a chur in iúl nach leis an Spáinn a réigiún féin ar aon nós, agus gur teanga choimhthíoch í an Spáinnis.
Maidir leis na tíortha eile ina labhraítear an Spáinnis, ní bhíonn mórán polaitíochta ag greamú den téarma sinespañol, agus braitheann sé ar an nós áitiúil, cé acu focal is minicí a chloistear. Tríd is tríd, áfach, is é an t-ainm sincastellano an ceann is lú idé-eolaíochta.
Is iad na teangacha Ibéaracha Rómánsacha eile sa Leithinis Phirinéach na gaolta is dlúithe atá ag an Spáinnis, mar atá, anPhortaingéilis, anAragóinis, anChatalóinis, anGhailísis, agus anSpáinnis Ghiúdach chomh maith leis na canúintí úd Asturianu, Estremeñu, Aranès, agus Llïonés. An chuid is mó de na teangacha seo, tháinig siad ar an bhfód nuair a d'fhoghlaim na ciníocha Ceilteacha in Iarthar na hEorpa leagan éigin den Laidin, agus mar sin, is féidir comhthréithe a aithint eatarthu go raidhsiúil. Tá an Iodáilis sách intuigthe ag an Spáinniseoir chomh maith, cé nach bhfuil an gaol chomh dlúth céanna. Ón taobh eile de, bíonn sé deacair ag an Spáinneach mórán adhmaid a dhéanamh de chaint an Fhrancaigh, mura bhfuil staidéar déanta aige ar an bhFraincis.
Maidir leis an Spáinnis Ghiúdach, is ionann í, go bunúsach, agus Spáinnis na Meánaoise. Cruthaíodh mar theanga ar leith í, nuair a ruaigeadh na Giúdaigh as an Spáinn sa chúigiú haois déag. Chuaigh siad ina gcónaí sna Balcáin, áit a raibh na Turcaigh i gceannas ar san am sin, agus lean siad ag labhairt na Spáinnise ansin. Chuir siad aibítir na hEabhraise i bhfeidhm ar an Spáinnis, agus is follasach gur imir teangacha áitiúla a dtimpeallachta, ar nós na Bulgáirise agus na Tuircise, tionchar áirithe ar an teanga. Dúirt an pianódóir MeiriceánachMurray Perahia, a bhfuil an Spáinnis Ghiúdach ó dhúchas aige, go magúil go bhfuair sé an teanga san úrscéalDon Cíochótae an-nua-aimseartha - scríobhadh an leabhar i dtús na seachtú haoise déag. Bhí an Spáinnis Ghiúdach ó dhúchas ag an scríbhneoirElias Canetti freisin, cé gur roghnaigh sé a chuid scríbhneoireachta a dhéanamh trí mheán naGearmáinise.
Tá dlúthghaol ag an Spáinnis agus ag an bPortaingéilis le chéile, ach mar sin féin, is iomaí difríocht is féidir a aithint eatarthu. Ó thaobh na foghraíochta de, is luath a thosaigh comhcheangail na gconsan ag forbairt a mbealach féin sa dá theanga.
Sna háiteanna ina bhfuil an Spáinnis agus an Phortaingéilis i síor-theagmháil le chéile, bíonn siad ag imirt tionchair ar a chéile, ionas go bhforbraítear cineál béarlagair measctha. TugtarPortuñol ("Portáinnis", asportugués, is é sin, meascán de Phortaingéilis, agusespañol, Spáinnis) nóFronterizo ("teanga na teorainne", "Teorainnis") ar theangacha measctha den chineál seo. Is é an leagan is aithnidiúla den Phortuñol ná an ceann a labhraítear in aice le teorainn na Brasaíle agus Uragua. Imríonn an cineál seo Portuñol, fiú, tionchar nach beag ar an Spáinnis a chloistear i lár na tíre.
Teanga Rómánsach í an Spáinnis, rud a chiallaíonn gurb í anLaidin - nó an leagan labhartha den Laidin - is bunús léi. D'imir anCheiltibéiris, anBhascais agus anAraibis tionchar ar an Spáinnis, agus í á forbairt cois chósta thuaidh na Leathinise Ibéirí. Tréithe tipiciúla iad séimhiú na gconsan - rinneadhvida [βi:δa] devita na Laidine - an caolú (annum ->año), agus défhoghrú na ngutaí (terra ->tierra,novus ->nuevo). De réir mar a bhí Críostaithe an Tuaiscirt ag athghabháil na Leathinise ó na Muslamaigh, leath an chanúint seo ó dheas. Sa bhliain1492, d'fhoilsighElo Antonio de Nebrija an chéad ghramadach Spáinnise leis an teanga a chaighdeánú. Nuair a chuir sé an saothar seo faoi bhráid na Banríona Isibéil, d'fhiafraigh sise de:Cén úsáid a bheadh ina leithéid seo dom, agus an teanga go líofa agam cheana féin? Is é an freagra a thug Nebrija ná:A Mhórgacht, is iontach an áis an teanga chun an Impireacht a rialú.
Tháinig focail Nebrija isteach fíor, nó de réir mar a bhí an Spáinn ag gabháil coilíneachtaí nua ar fud an domhain, chuaigh an teanga i bhfairsinge.
Níl stádas oifigiúil ag an Spáinnis saBheilís, ach mura bhfuil féin, tá sí á labhairt ansin go fairsing. SnaStáit Aontaithe, tá sí ag tríocha milliún duine, ach níl stádas oifigiúil aici ach i bPortó Ríce. Is minic a shíltear go bhfuil an Spáinnis ina teanga oifigiúil iNua-Mheicsiceo, ach le fírinne, níl teanga oifigiúil ar bith ag Nua-Mheicsiceo. Cibé faoin stádas oifigiúil, tuigeann cuid mhór de na húdaráis áitiúla sna Stáit go gcaithfidh siad freastal éigin a dhéanamh ar riachtanaisí lucht labhartha na Spáinnise, líonmhar is uile agus atá siad. Tá tábhacht na Spáinnise ag dul i méadaíocht sna Stáit, agus a lán daoine á foghlaim mar theanga iasachta.
Maidir leis na hOileáin Fhilipíneacha, bhí an Spáinnis á saothrú mar theanga choilíneach ar feadh i bhfad, ach níor éirigh leis na Spáinnigh na teangacha bundúchasacha a bhaint de bhéal na ndaoine. Cé gur imir an Spáinnis an-tionchar orthu, d'imigh sí as úsáid go géar gasta i ndiaidh an ghabháltais a rinne na Meiriceánaigh ar na hoileáin i dtús na fichiú haoise. Níl sí ina teanga oifigiúil a thuilleadh, agus níl sí ó dhúchas ag trí mhíle duine sna hoileáin. Na leaganachacriólaithe den Spáinnis a tháinig ar an bhfód de thoradh theagmháil na Spáinnise leis na teangacha bundúchasacha, tá siad á labhairt ag trí chéad míle duine sna hoileáin. San am céanna, tá anTagálaigis, an ceann is tábhachtaí de na teangacha bundúchasacha, ó dhúchas ag dhá mhilliún is fiche de dhaoine, agus í foghlamthe marfhrancbhéarla réigiúnda ag dhá nó trí oiread eile. Tríd is tríd, níl mórán tábhachta leis an Spáinnis sna hOileáin Fhilipíneacha inniu, cé go raibh na hoileáin á gcoilíniú ag na Spáinnigh go deireadh na naoú haoise déag.
Is deacair líon cruinn na Spáinniseoirí a shainiú, nó fiú sna tíortha ina bhfuil stádas oifigiúil aici, is iomaí duine nach bhfuil in ann í a labhairt. Ón taobh eile, an chuid is mó de na Spáinniseoirí sna Stáit Aontaithe nó i dtíortha móra Béarla eile, bíonn Béarla acu, agus cuid acu tá líofacht níos fearr acu sa Bhéarla ná sa Spáinnis féin.
Ceann de na príomhdhifríochtaí idir Spáinnis Mheiriceá Laidinigh agus Spáinnis na Spáinne féin is ea fuaimniú na litreachz chomh maith le fuaimniú na litreachc nuair a thagann sí lee nói. Sa chuid is mó den Spáinn, fuaimnítear iad [θ] - is é sin, marth an Bhéarla san fhocal "thick", agus tugtarzezeo ar an bhfeiniméan seo.
Sna hOileáin Chanáracha, i gcodanna na hAndalúise, agus i Meiriceá Laidineach iomlán, áfach, is mar [s] a fhuaimnítear iad -ceceo a thugtar air seo.
Cé go bhfuil an chuid is mó de dhíochlaonta na Laidine imithe as an Spáinnis, aithnítear an tuiseal cuspóireach agus an tuiseal tabharthach ó chéile i gcónaí i bhforainmneacha áirithe. De réir an chaighdeáin, deirtearlo hice "rinne mé é" (tuiseal cuspóireach), achle hablé "labhair mé leis", nó "labhair médó", focal ar fhocal (tuiseal tabharthach). Sna canúintí ina gcleachtaítear anloísmo, úsáidtearlo sa dá chiall:lo hice,lo hablé. Ní cuid den teanga chaighdeánach é anloísmo dar le hAcadamh Ríoga na Spáinnise, ach mar sin féin, cloistear go minic sa Spáinn féin é, go háirithe i gcanúintí Thuaisceart na Caistíle.
Le coincheap anvoseo a thuiscint, ní mór dúinn súil a chaitheamh ar iarmhíreanna pearsanta na mbriathar Spáinnise mar a labhraítear sa Spáinn féin í:
yo soy = is mé
tú eres = is tú
él es/ella es = is é/is í
nosotros somos = is sinn
vosotros sois = is sibh
ellos/ellas son = is iad
Usted es = is tú (ag labhairt go múinte le duine nach bhfuil aithne mhaith agat air)
Ustedes son = is sibh (ag labhairt go múinte le daoine nach bhfuil aithne mhaith agat orthu)
Ní deirtearvosotros i Meiriceá Laidineach; úsáidtearustedes ina áit--fiú má táthar ag labhairt le daoine a bhfuil aithne mhaith ag an gcainteoir orthu. San am céanna, maireann an sean-fhorainmvos i gcónaí in áiteanna i Meiriceá Laidineach, agus an fhoirm den bhriathar atá ag dul leis san aimsir láithreach, tá sí cosúil leis an bhfoirm atá ag dul levosotros, ach amháin go bhfuil an litiri roimh an litirs caillte di:vos sos in áittú eres ("is tú"),vos hablás in áittú hablas ("labhraíonn tú") (cf.vosotros habláis = "labhraíonn sibh"). Tabhair faoi deara, áfach, go ndéantar-ís seachas-és den iarmhír-éis:vos comís in áittú comes ("itheann tú"), (C.f.vosotros coméis="itheann sibh").
Tá glacadh leis anvoseo sa teanga liteartha féin i dtíortha Río de la Plata, mar atá,Uragua,An Cholóim,Paragua, agusan Airgintín, ach bíonn sé coitianta go leor sa ghnáthchaint ina lán tíortha eile, go háirithe i Lár Mheiriceá.
Tá tuisil agus inscne neodrach na Laidine imithe as an Spáinnis go hiomlán, agus tá sé an-fhurasta uimhir iolra na n-ainmfhocal a fhoirmiú, nó níl de dhíth ach -s nó -es a chur leo:hombre -hombres,mujer -mujeres,país -países, agus araile. Scéal eile ar fad é an briathar, go háirithe úsáid an mhodha fhoshuitigh, nó is ar éigean is féidir í a fhoghlaim mar is ceart gan an teanga a chleachtadh i gcuideachta na gcainteoirí dúchais nó dianstaidéar a dhéanamh ar an litríocht Spáinnise.
Is iad na haimsirí is tábhachtaí sa Spáinnis ná an aimsir láithreach, an aimsir fháistineach, an aimsir chaite neamhfhoirfe agus an aimsir chaite fhoirfe, ach tá foirmeacha eile ann fós. Tá modh coinníollach ag na briathra freisin.
Cosúil leis an nGaeilge, baineann an Spáinnis úsáid as dhá bhriathar a d'aistreofí goto be i mBéarla -es (is ionannes na Spáinnise agus "is" na Gaeilge) agusestá (a chomhfhreagraíonn do" tá" na Gaeilge ina úsáid).