Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

An Fhrainc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Fhrainc
République française (fr)
France (fr)Cuir in eagar ar Wikidata
BratachArmas
BratachArmas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnLa Marseillaise (4 Deireadh Fómhair 1958)Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Liberté, égalité, fraternité»Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósNa FraincCuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 47° N, 2° E /47°N,2°E /47; 2

PríomhchathairPárasCuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán68,605,616 (2025)Cuir in eagar ar Wikidata
 Dlús106.56hab./km²
DéamainmFrancachCuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan FhraincisCuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deIarthar na hEorpa
an tAontas Eorpach
Pyrenees–Mediterranean Euroregion(en)Aistrigh
an Limistéar Eorpach EacnamaíochCuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla643,801 km²Cuir in eagar ar Wikidata
 Uisce0.3 %Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir nIocht,an tAigéan Atlantach,an Mhuir Thuaidh agusan MheánmhuirCuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMont Blanc (4,808.72 m)Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleÉtang de Lavalduc(en)Aistrigh (−10 m)Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRíocht na Fraince,Rauracian Republic(en)Aistrigh,Republic of Bouillon(en)Aistrigh,Free Cities of Menton and Roquebrune(en)Aistrigh agusRíocht Bora BoraCuir in eagar ar Wikidata
481: Impireacht na bhFranc
Lúnasa 843: An Fhranc Thiar (Conradh Verdun)
18 Bealtaine 1804: Céad Impireacht na Fraince
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaissemi-presidential system(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na FrainceCuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na FrainceCuir in eagar ar Wikidata
 Uachtarán Phoblacht na FrainceCuir in eagar ar WikidataVincent Auriol(1947–1954)Cuir in eagar ar Wikidata
 Príomh-Aire na FrainceCuir in eagar ar WikidataSébastien Lecornu(2025–)Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt um Achomharc na FrainceCuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil2,957,879,759,264 $ (2021)Cuir in eagar ar Wikidata
Buiséad455,200,000,000 € (2023)Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraEuroCuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.fr,.bzh,.re,.wf,.yt,.pm,.paris agus.alsaceCuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+33Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112,15,17,18 agus114Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreFRCuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSFRCuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinservice-public.frCuir in eagar ar Wikidata

Facebook: ServicePublicFrX: servicepublicfrInstagram: servicepublicfrLinkedIn: entreprendre-servicepublicfrYoutube: UCugxMaxXnGqMrQ5bZIL017AYoutube: ServicePublicFranceCuir in eagar ar Wikidata

Istír ían Fhrainc (Fraincis:La France) nóPoblacht na Fraince (Fraincis:République française) atá suite in iarthar nahEorpa. Tá teorainn aici leisan mBeilg,Lucsamburg,an nGearmáin,an Eilvéis,an Iodáil,Monacó,Andóra agusan Spáinn. Is ball denAontas Eorpach í an Fhrainc ó bhunú na heagraíochta.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá príomhchuid na tíre suite in iarthar mhór-roinn nahEorpa, agus tá príomhoileán na tíre,Corsica, suite saMheánmhuir. Tá críocha agus oileáin Fhrancacha eile suite timpeall andomhain. Is íGuáin na Fraince an chríoch is mó thar lear.

San iomlán, tá achar 547,026 km² sa "Fhrainc Dhúthach" (Eorpach), ar a dtugtar l'Hexagone, an "Heicseagán", uaireanta, mar gheall ar a cruth. Tá cóstaí ag an Fhrainc san iarthar, sa tuaisceart agus sa deisceart, tá a tírdhreach múnlaithe den chuid is mó ag mánna nó cnoic. Tá an chuid thoir theas den tír sléibhtiúil; is iad na príomh-shliabhraonta naPiréiní, an Massif Central,na hAlpa agus na Vosges san oirthear. Is éMont Blanc an sliabh is airde sa Fhrainc agus sna hAlpa (4,810 m).

Tá aeráid éadrom i dtuaisceart agus in iarthuaisceart na tíre. San oirdheisceart, tá aeráid Mheánmhara ann. San iarthar, tá an aeráid den chuid is mó aigéanach le go leor báisteach, geimhreadh éadrom agus samhradh te.

Is í an phríomhchathairPáras an chathair is tábhachtaí agus is mó sa bhFrainc le níos mó ná deich milliún áitritheoir i limistéar na cathrach (Réigiún Ile-de-France). Tá níos mó ná milliún áitritheoir sna ceantair uirbeacha timpeallMarseille agusLyon freisin.

Ar an1 Eanáir2012 b'iad na cathracha ba mhó sa tír dar le suirbhéanna an daonáireamh:

ÁitAinmCathair (áitr.)Limistéar (áitr.)
1.Páras2.240.62112.341.4187
2.Marseille852.5161.727.070
3.Lyon496.3432.214.068
4.Toulouse453.317850.873
5.Nice343.6291.004.914
6.Naoned291.604897.713
7.Strasbourg274.394768.868
8.Montpellier268.456569.956
9.Bordeaux241.2871.128.431
10.Lille228.6521.166.452
11.Rennes209.860690.467
Príomhalt:Réigiúin na Fraince

Roinntear an Fhrainc ina hocht réigiúin déag.

RéigiúnPríomhchathair
Alsace-Champagne-Ardenne-LorraineStrasbourg
Aquitaine-Limousin-Poitou-CharentesBordeaux
Auvergne-Rhône-AlpesLyon
Bourgogne-Franche-ComtéDijon
An BhriotáinRennes
Centre-Val de LoireOrléans
Île-de-FrancePáras
Languedoc-Roussillon-Midi-PyrénéesToulouse
Nord-Pas-de-Calais-PicardyLille
An NormainnRouen
Pays de la LoireNantes
Provence-Alpes-Côte d'Azur (PACA)Marseille
An ChorsaicAjaccio
Guáin na FrainceCayenne
GuadalúipBasse-Terre
MartiniqueFort-de-France
MayotteMamoudzou
La RéunionSaint-Denis

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ó Aimsir na Róimhe go dtí an Réabhlóid

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá an Fhrainc suite sa réigiún a dtugtaían Ghaill air tráth — áit a ndeirtear gur tháinig naCeiltigh aisti. RinneIúil Caesar concas ar an nGaill d'Impireacht na Róimhe san1ú aois RC, agus ar deireadh ghlac na Gallaigh le cultúr agus leteanga na Róimhe. D'fhorbair an teanga de réir a chéile go dtí an pointe go n-aithneofaí marFhraincis í. Ón2ú haois nó ón3ú haois ar aghaidh, tháinig borradh ar an gCríostaíocht agus sa 4ú nó sa 5ú aois, scríobh Naomh Jerome gurbh í an Ghaill an t-aon réigiún a bhí "saor ó eiriceacht". SnaMeánaoiseanna, d'úsáid na Francaigh an ráiteas seo le cruthú gurbh iad "Ríocht sár-chríostaíocht na Fraince".

Sa4ú haois, tháinig treibheanna Gearmánacha ón oirthear trasna abhann na Réine. TugadhFrancanna orthu. Chruthaigh na Francanna a n-impireacht féin, an Impireacht Chairilínseach, a shroich barr a réime faoin ImpireSéarlas Mór. Ar bhás Shéarlais Mhóir, roinneadh an Impireacht ina trí chuid, le Conradh Verdun (843). Ba í an chuid iarthair, faoi riailShéarlais Mhaoil, a chuir tús leis an bhFrainc mar is ann inniu di.

Bhí na Cairilínsigh i gcumhacht sa Fhrainc go dtí987, nuair a corónaíodh Hugh Capet, Diúc na Fraince agus Cunta Pháras. Diaidh ar ndiaidh d'aontaigh a shliocht, na Capetian, na Valois agus naBourbon, an tír trí chogadh agus pósadh. Ba sa seachtú haois déag, faoi réimeasLouis XIV, ba mhó cumhacht na tíre. Ag an am seo, bhí an daonra ba mhó sanEoraip aici agus bhí tionchar mór aici ar pholaitíocht, ar eacnamaíocht, agus ar chultúr na hEorpa. Bhí tionchar mór ag an bhFrainc freisin arRéabhlóid Mheiriceá, ag íoc as airm agus ag cur sonraí míleata ar fáil do na réabhlóidithe in aghaidh Shasana.

Ó Mhonarcacht go Poblacht

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Caisleáin Chambord

Bhí an mhonarcacht seo i gcumhacht go dtíRéabhlóid na Fraince sa bhliain1789. CuireadhRí Louis XVI agus a bhanríon,Marie Antoinette, chun báis chomh maith leis na mílte Francach eile.

I ndiaidh dornán rialtas réabhlóideach, thógNapoleon Bonaparte cumhacht ón bpoblacht sa bhliain1799, ar dtús mar an "Chéad Consul" agus níos déanaí mar Impire den Chéad Impireacht Francach (18041814). I rith cogaí éagsúla, bhí cuid mhaith de mhór-roinn na hEorpa tógtha aige, agus chuir sé gaolta i gceannas ar na ríochtanna a ghabh sé (mar shampla, Joseph Bonaparte saSpáinn).

I ndiaidh briseadh deireanach Napoleon agCath Waterloo, cuireadh an mhonarcacht ar bhun arís sa Fhrainc.

Tugtar 'Athghairm na mBúrbónach' ar an tréimhse 1815-1830 i stair na Fraince. Mar réimeas bhí sí thar a bheithchoimeádach.[1]

Nuair a tharlaRéabhlóid Iúil sa bhliain 1830, baineadh an choróin deCharles X, agus gaireadh gaol eile i bhfad amach uaidh, Louis Philippe I as Ríshliocht Orléans, i gcomharbas ar Tháinig Dara Poblacht na Fraince ar an saol sa bhliain 1848; sa bhliain1852 d'fhógairLouis-Napoléon Bonaparte Dara hImpireacht na Fraince. Chaill airm na Fraince in aghaidh na bPrúiseach sa mbliain1870 agus cuireadh tús le Tríú Poblacht na Fraince.

Eugène Delacroix -La liberté guidant le peuple[2]

Bhí coilíneachtaí ag an bhFrainc ón 17ú haois go dtí na1960í. Sa19ú agus20ú haois, bhí a hImpireacht Domhanda ar an dara ceann ba mhó, i ndiaidh impireacht na Breataine. Idir1919 agus1939, bhí an Impireacht os cionn 12,347,000 km² (4,767,000 míkm²). Leis an tír féin san áireamh, sna1920í agus1930í, bhí 8.6% de achar an domhain faoi réimeas na Fraince.

Cé gur bhuaigh siad ar deireadh sagCéad Chogadh Domhanda, d'fhulaing an tír go mór, go háirithe ó thaobh daoine agus mianraí de.

Bhunaigh an rialtas, Fronta an Phobail, córas leasaithe shóisialta sna1930í. Ar an4 Meitheamh1936, bhíLéon Blum tofa ina phríomh-aire ar an Fhrainc. Thit an tóin as sa bhliain 1938 agus tháinig Édouard Daladier (ar chlé ón lár) ina háit.

Sa bhliain 1940, tar éisionradh na nGearmánach ag baint úsáid asblitzkrieg, ghéill an Fhrainc.

Príomhalt:Cath na Fraince

Bhí daoine san Fhrainc nár aontaigh leis an ngéilleadh agus thosaigh siad "Fórsaí Saoirse na Fraince" lasmuigh den tír, agusFrithbheartaíocht na Fraince istigh sa tír.

Sa bhliain1944 tar éis ionradh na gcomhghuaillithe ar "D-Day", bhí an Fhrainc saor arís. Go luath ina dhiaidh sin búnaíodh an Nouvelle Armée Française ("Arm Nua na Fraince") le cabhair na gcomhghuaillithe agus lean siad ag troid go dtí deireadh an Chogaidh.

Bunaíodh Ceathrú Poblacht na Fraince i ndiaidh an Chogaidh. Faoi mar a bhí ag deireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda bhí sé deacair don tír ar dtús báire, ach tar éis tamaill bhí sí cumhachtach arís. Rinneadh iarracht a hImpireacht Cóilíneach a choimeád ach bhí trioblóid ag tósnú. Rinne an Fhrainc iarrachtVítneam a ath-thógaint ach theip uirthi agus cuireadh tús leis angCéad Chogadh Ind-Síneach. Chaill na Francaigh ancogadh sin agCath Dien Bien Phu sa bhliain1954. Díreach ina dhiaidh sin, bhrisCogadh Saoirse na hAilgéire amach sanAilgéir.

Ní raibh na Francaigh cinnte céard le déanamh san Ailgéir. Bhí thart ar mhilliúin coilíneach Eorpach ina gcónaí ann. Bhí sé chomh dona sin gur bheag nach raibh Cogadh Cathartha sa bhFrainc. Sa bhliain1958, thit anrialtas agus bunaíodh Cúigiú Poblacht na Fraince, le huachtarán láidir.,Charles de Gaulle. Bhí sé in ann antír a choimeád le chéile fad is bhí sé ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh. Chríochnaigh Cogadh na Saoirse san Ailgéir agus an cogadh cathartha sa príomhchathairAlgiers, tar éis idirbheartaithe ar an19 Márta1962, an Comhaontú Evian, le neamhspleáchas don Ailgéir.

Le blianta beaga anuas tá an cairdeas atá ag an tír leis an nGearmáin ag cur go mór le polaitíocht agus eacnamaíocht na hEorpa.

Rialachas

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Emmanuel Macron, uachtarán reatha na Fraince

Is poblacht leath-uachtaránach aonadach í Poblacht na Fraince le traidisiúin daonlathacha láidre. Ceadaíodh bunreacht na Cúigiú Poblachta le reifreann ar 28 Meán Fómhair 1958. Neartaigh sé údarás an fheidhmeannais go mór i gcomórtas leis an bparlaimint. Tá dhá fhoras sa bhrainse feidhmithe: Uachtarán na Poblachta, a thoghtar go díreach chun téarma cúig bliana, agus a fheidhmíonn mar cheann stáit; agus an Rialtas, a bhíonn faoi stiúir ag Príomh-Aire a roghnaíonn an tUachtarán agus an Pharlaimint iad. Is éEmmanuel Macron Uachtarán reatha na Poblachta, agus is í Élisabeth Borne an Príomh-Aire reatha.

Is reachtas dhá-bhrainse í parlaimint na Fraince ina bhfuil Tionól Náisiúnta (Assemblée Nationale)agus Seanad (Sénat).Déanann na teachtaí ionadaíocht ar son dáilcheantair, teachta amháin i ndáilcheantar amháin, agus roghnaítear go díreach ar feadh téarmaí cúig bliana iad.Tá sé de chumhacht ag an Tionól an rialtas a bhriseadh, agus dá bhrí sin is gá tromlach sa Tionól chun rialtas a chur ar bun. Roghnaítear seanadóirí le coláiste toghcháin ar feadh téarmaí sé bliana, agus cuirtear leath de na suíocháin go toghchán gach trí bliana.

Tá cumhachtaí reachtaíochta an tSeanaid teoranta le hais an Tionóil; i gcás easaontais idir an dá sheomra, tá an focal deiridh ag an Tionól Náisiúnta. Tá tionchar láidir ag an rialtas i múnlú clár oibre na Parlaiminte.

Geilleagar

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Fíonghort i Réigiún Ocsatáine, i ndeisceart na tíre. Tá cáil ag an bhFrainc as táirgí bia agus dí ar nós a cuidfíonta aguscáiseanna, cé nach gcruthaíonn an earnáil talmhaíochta ach cuid bheag d'OTI na tíre san iomlán.

Úsáidtear aneuro mar airgeadra sa Fhrainc. Dar le tuairisc na bliana 2022 óngCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Fraince an 10ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 7ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is é an 25ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an bhFrainc, é ar $56,200 don chónaitheach.

De réirInnéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2022 naNáisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomhas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 24ú tír is forbartha ar domhan í an Fhrainc, as 156 tír a tomhaiseadh.[3] Cuireann sin ar an 13ú tír is forbartha as 27 ballstát anAontais Eorpaigh í. IdTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Fhrainc an 23ú tír is sona, as 156 thír.

Is í an earnáil seirbhíse (nó antríú earnáil) an earnáil is mó i ngeilleagair na tíre: sa bhliain 2015, is 76.7% de phostanna a bhí i seirbhísí, i gcomparáid le 20.5% sa dara hearnáil (an tionsclaíocht), agus 2.8% sa chéad earnáil (antalmhaíocht agus aniascaireacht). Tagann thart ar 77 milliún turasóir go dtí an Fhrainc gach bliain.

I Mí Dheireadh Fómhair 2022, bhí ráta dífhostaithe na tíre ar 7.1%, an cúigiú leibhéal ab airde san Aontas Eorpach in éineacht leis anLaitvia agus antSualainn.[4]

Gailearaí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  • Château de Maintenon, département d'Eure-et-Loir
    Château de Maintenon, département d'Eure-et-Loir
  • Goirt in Isère
    Goirt in Isère
  • Église Saint-Germain in Santeau, département du Loiret
    Église Saint-Germain in Santeau, département du Loiret
  • Ardeaglais Notre-Dame, Páras
    Ardeaglais Notre-Dame,Páras
  • Plonevez-Porzay, sa Bhriotáin
    Plonevez-Porzay, sa Bhriotáin

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. forasnagaeilge.ie."Cabidil 34 - AN EALAÍN, AN PHOLAITÍOCHT AGUS AN RÉABHLÓID".Dáta rochtana: 2021.
  2. Eugène Delacroix (péintéir)(2021-10-31)."Liberty Leading the People"(as en).Wikipedia. 
  3. Náisiúin Aontaithe(2019)."Human Development Report 2019 - Overview"(Béarla).Dáta rochtana: 15-03-2020.
  4. "Unemployment statistics - Statistics Explained".ec.europa.eu.Dáta rochtana: 2019-01-26.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Tíortha iarrthacha
NáisiúinG-20


Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=An_Fhrainc&oldid=1283491"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2026 Movatter.jp