Gnéithe ilchríocha na hEorpa. Is féidir sliabhraonta, leithinsí, oileáin agus réigiúin níos loiscní agus níos fuaire a fheiceáil san íomhá satailíte comhshuite seo Léarscáil Pholaitiúil den Eoraip sa bhliain814 Isilchríoch ían Eoraip , leis na teorainneacha seo a leanas aici:an tAigéan Atlantach thiar,an tAigéan Artach ar an taobh thuaidh, anÚral agusSléibhte na hÚraile thoir,Sléibhte na Cugaise agusan Mhuir Dhubh ar an taobh thoir theas, agusan Mheánmhuir ó dheas. Agusan Áise á thógáil san áireamh freisin, is féidir oll-ilchríoch nahEoráise a aithint.
Tá cónaí ar 742,452,000 duine san Eoraip, agus tá timpeall 50 tír neamhspleách ann. Ó míIúil 2013 ar aghaidh, tá 28 acusan cheana féin sanAontas Eorpach , agus ar a laghad trí gcinn ag brath ar dhul isteach i mbeagán blianta. Déanann institiúid an Aontais a ngnó i 20 teanga, ach tá go leor mionteangacha eile cheana féin san Aontas.
Ba san Eoraip a thosaigh cuid de mhórimpireachtaí an domhain. Leath cumhacht naGréige , agus naRóimhe ina diaidh, ar fud cuid mhór den Eoraip, maraon le tuaisceart nahAfraice agus iarthar nahÁise . Ón gcéad aistear a rinneCriostóir Colambas chun an domhain nua donSpáinn , thóg an tír sin seilbh de réir a chéile arMheiriceá Thuaidh agusar Mheiriceá Theas . Thóg tíortha eile ar nósna Breataine , naPortaingéile , nanÍsiltír , naGearmáine agus naBeilge seilbh freisin ar chuid mhór desna na mór-roinne eile. Leathan Rúis óMhoscó siar go dtían Mhuir Bhailt , soir chomh fada leis anAigéin Ciúin , agus ó dheas go dtían Mhuir Dhubh ,Sléibhte na Cugaise , agusan Mhongóil . Ní ach ag deireadh an 19ú haois ar aghaidh go dtí lár an 20ú haois a fuair mórán de choilíneachtaí na hEorpa a neamhspleáchas, cé go bhfuair cuid mhór de Thuaisceart Mheiriceá (Stáit Aontaithe Mheiriceá ) a saoirse i 1775. Tá cumhacht airgeadach agus míleata ag an Eoraip i gcúrsaí an domhain, ach is beag é le hais chumhacht naStáit Aontaithe Mheiriceá , go dtí1989 , cumhacht anAontais Shóivéadaigh . Ach le bunú anChómhargaidh Eorpaigh , agus a chomharbaan tAontas Eorpach , ceapann go leor daoine go dtiocfaidh neart géilleagrach agus míleata arís chun na hEorpa, mar gur mó anois é a dhaonra ná daonra naStát Aontaithe Mheiriceá nó daonra an Aontais Sóivéadaigh, nó na Rúise den lá atá inniu ann.