Isréaltbhuíon bheag thuaisceartach ían Deilf atá i ngar donmheánchiorcal neamhaí. Bhí sí ar chlár na 48 réaltbhuíon a leag amachTolamaes sa dara haois, agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann antAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Is éDelphinus, a chiallaíonndeilf, an t-ainmLaidine a thugtar uirthi.
Tá an-chosúlacht le deilf aici agus í ag léimneach de bharr na dtonnta; mar sin de is an-fhurasta í a aithint ar an spéir. Tá an Deilf teorainn ar theorainn leis na réaltbhuíonta seo a leanas (deiseal, ag tosach ar an taobh thuaidh):an Sionnach,an tSaighead,an tIolar,an tUisceadóir,an Capall Beag and faoi dheireadh an capall sciathánachPeigeasas.
- β Del: dá ngairtearRotanev; F5 IV, ar méid 3.63
- γ Del: ar cheann de naréaltaí dhúbailte is áille atá ar an spéir
- γ1 Del: F7 V, ar méid 5.14
- γ2 Del: K1 IV, ar méid 4.27
- δ Del: A7 IIIp, ar méid 4.43
- Cónra Iób: comhdhéanann na ceithre réaltaí thuas-luaite astaireacht darb ainmCónra Iób
- ε Del: dá ngairtear Deneb Dulfim (ruball na Deilfe); B6 III, ar méid 4.0
- NGC 7006: 185,000solasbhliain i bhfad i gcéin; is an-imigéiniúil an réaltbhraisle chruinneogach seo atá ar méid 11.5
Ní théann siar go dtí an seansaol, mar a cheapfaí, ainmneacha an dá réalt is gile atá ar an réaltbhuíon seo, Sualocin (Alfa Delphini) agus Rotanev (Beta Delphini). A mhalairt ar fad: tá an dá chuid le chéile nua go maith. Chonacthas i gcló don chéad uair iad ar réaltchatalóg a d'fhoilsighRéadlann Palermo san Iodáil sa bhliain1814. Má léitear droim ar ais iad, litríonn siad an t-ainm Nicolaus Venator, leagan Laidine ar ainm stiúrthóra chúnta na réadlainne sin ag an am sin: Niccolò Cacciatore. Is éard is brí le Cacciatore agus Venator araon ná "sealgaire".
Baineann an réaltbhuíon seo le dhá scéal thábhachtacha asmiotaseolaíocht na Gréige.
De réir an chéad chinn acu, ba mhaith leis an dia GréagachPoisíodón annéiriadAimfitrití a phósadh. Ar mbeith di, áfach, ag iarraidh a maighdeanas a choimeád, theith sí goSliabh Atlas. Chuir a suiríoch amach an iomad cuardaitheoirí, duine áirithe darbh ainm Delphinus ina measc. Tháinig Delphinus uirthi de thaisme, agus d'éirigh leis a chur ina luí gur cheart diPoisíodón a phósadh. As buíochas, chuir an dia íomhá deilfe i measc na réaltaí.
Cuireann an dara scéal síos ar fhile Gréagach darbh ainmArion asLesbos, a mhair sa 7ú aois RC. Ceoltóir cúirte a bhí ann i bpálásPeriander, ríCorinth. Bhí Arion tar éis an-stór a chruinniú i rith a chamcuairteanna sa tSicil agus san Iodáil. Ach ar a bhealach abhaile dó óTarentum, chuir foireann a loinge comhcheilg ar bun ina aghaidh mar gheall ar a shaibhris. I nguais bháis, Rinne Arion iarratas deireanach: ba mhaith leis tuireamh a chanadh. Ghéill an fhoireann dá iarratas, ach nuair a bhí sé ag canadh an tuirimh seo, thum sé isteach san fharraige; ach tharrtháil deilf é ar chuir a cheol faoi dhraíocht í. D'iompaigh an deilf go dtían Ghréigh é agus tháinig sé i dtír slán sábháilte.
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978).Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto.ISBN 0-486-23567-X.