An Choirdis| Zimanê Kurdî,زمانی کوردی,Kurdî agusکوردی |
|---|

|
| Cineál | teanga,macraitheanga agusteanga bheo |
|---|
| Úsáid |
|---|
| Cainteoirí dúchais | 21,000,000 (2007) |
|---|
| Dúchasach do | Coirdínigh |
|---|
| Stáit | an Tuirc,an Iaráic,an Iaráin,an Airméin,an tSeoirsia,an Asarbaiseáin,an tSiria agusan Tuircméanastáin |
|---|
 |
|
| Aicmiú teangeolaíoch |
|---|
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ind-Iaránacha teangacha Iaránacha teangacha Iaránacha Iartharacha Northwestern Iranian(en) |
| Tréithe |
|---|
| Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach,aibítir Arabach agusAibítir Choireallach |
|---|
| Staidéar ag | Kurdish studies(en) |
|---|
| Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
|---|
| Cóid |
|---|
| ISO 639-1 | ku |
|---|
| ISO 639-2 | kur |
|---|
| ISO 639-3 | kur |
|---|
| Glottolog | kurd1259 |
|---|
| Linguasphere | 58-AAA |
|---|
| Ethnologue | kur |
|---|
| ASCL | 4101 |
|---|
| IETF | ku |
|---|
Macra-theanga Ind-Eorpach is eaan Choirdis (Kurdî, کوردی;fuaimnithe [ˈkuɾdiː]), cuid de theangacha Iaránacha an Iarthair. Tá sí á labhairt ag naCoirdínigh (thart ar 44 milliún duine), atá ina gcónaí i réigiún ar a dtugtar anChordastáin, scoilte idir oirdheisceart naTuirce, iarthuaisceart na hIaráine, agus oirthuaisceart nahIaráice agus naSiria.
Tá comhphobail mhóra de Choirdínigh suite chomh maith in iarstáit anAontais Shóivéadaigh, agus i gcathracha móra anMheánoirthir. Ó dheireadh na 1960í, tá diaspóra Coirdíneach, anois de níos mó ná cúig mhilliún duine, aistrithe go dtían Eoraip (go háirithe anGhearmáin), naStáit Aontaithe,Ceanada agusan Astráil.
Go dtí seo, mar gheall ar a stair agus ar an dtír-raon an-sléibhtiúil, níor tháinig na Coirdínigh lena dteanga a aontú. Mar seo, tá ceithre chanúint an-láidir den teanga:
Tá anChoirdis Thuaidh (nó, an Churmainsis[1]) anKurmancî, á labhairt ag an chuid is mó de na Coirdínigh sa Tuirc, sa tSiria, san iar-APSS, agus ag páirt de na Coirdínigh san Iaráic agus san Iaráin, thart ar 60% de na gCoirdínigh san iomlán.
Tá anLánchoirdis, anSoranî, á labhairt ag an chuid is mó de na Coirdínigh san Iaráic agus san Iaráin, nó 30% de na Coirdínigh.
Labhraítear freisinCoirdis an Iarthair,Zazaki, i dTuaisceart na Choirdeastáine (an chuid faoi smacht na Tuirce).
TáCoirdis an Oirthir, anGurani, á labhairt i ndeisceart na réigiún Coirdíneach san Iaráic agus san Iaráin.
Ar chúiseanna cósúla, tá an Choirdis á scríobh as trí aibítrí éagsúla: anaibítir Laidineach (ag na Coirdínigh sa Tuirc agus sa tSiria), anaibítir Choireallach (ag na Coirdínigh sna poblachtaí iar-Shóivéadacha) agus an aibítir Araibise (ag na Coirdínigh sna tíortha arabacha agus san Iaráin).
Tá an chanúint Mukriani á labhairt i gcathrachaPiranshahr agus Mahabad, dhá chathair mhóra i réigiún Mukriani naAsarbaiseáine.