Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

An Cheathrú Rua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Cheathrú Rua

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 15′ 56″ N, 9° 35′ 01″ O / 53.2656°N,9.5836°W /53.2656; -9.5836
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na GaillimheCuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde1 mCuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1165719

Sráidbhaile mór is eaan Cheathrú Rua[1] (Carraroe asBéarla go traidisiúnta) atá suite i gContae na Gaillimhe,Éire. Tá sí i lárGhaeltachtChonamara agus i gcroílárShlí an Atlantaigh Fhiáin.[2]

An sráidbhaile

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Bhí thart 2,472 duine ina gcónaí i gceantar na Ceathrún Rua sa bhliain 2017.[3]

Tá an ceantar méadaithe go mór le blianta beaga anuas, agus dá thairbhe sin tá athrú suntasach tagtha ar an mbaile. Ní fada an lá ó nach raibh sa mbaile ach cúpla siopa,tithe ósta agus eastáttionsclaíochta amháin, ach tá go leor tógáil ar siúl sa gceantar le gairid. Tá go leor tithíochta príobháidí agus eastáit tógtha sa mbaile le cúpla bliain anuas.

Séipéal Mhic Dara

Áiseanna

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá tarraingt ar an gCeathrú Rua mar cheantarturasóireachta le fada an lá. Tá clú agus cáil arhúicéirí na Gaillimhe (Púcáin) agus ar Thrá an Dóilín (ceann de na trí cinn i gContae na Gaillimhe amháin a bhfuil Bratach Gorm bainte aici).

Tagann roinnt turasóirí chuig an gceantar chun iad a fheiceáil agusGaeilge a fhoghlaim. Tagann go leor eile chun blaiseadh denchultúr agus den traidisiún láidir atá ar fud na háite. I rith an tsamhraidh cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta.

Trá an Dóilín (a chiallaíonn 'cuas' nó góilín). Tá "coiréal', mar a thugtar air, le fáil ann.  Ach deir na saineolaithe nach coiréal é ar chor ar bith, achfeamainn a dtagannaol aisti, a chruann agus a bhriseann.

Is ar an gCeathrú Rua atáColáiste Chiaráin suite, agus na mílte scoláire óga ag teacht ansin gach uile bhliain chun freastal ar na cúrsaí Gaeilge. Bíonn geallta báid agusrásaí curach ar an mbaile freisin.

Sa bhliain 2024, bhí ionad cultúir agus oidhreachta beartaithe do Chéibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua.[4]

Gaeilge

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Siopa sa Cheathrú Rua, 13 Samhain 2004

Is í an Ghaeilge (CanúintChonnachta go sainiúil) príomhtheanga labhartha na Ceathrún Rua, agus tá sí ar na háiteanna is láidre Gaeilge i nGaeltacht Chonnacht agus in Éirinn na laethanta seo.

Labhraíonn 65.1% den phobal an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais, de réir fhigiúiríÚdaráis na Gaeltachta.

Áras Mháirtín Uí Chadhain

Áras Mháirtín Uí Chadhain

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá Áras Mháirtín Uí Chadhain ar cheann de na hionaid Ghaeltachta atá ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, lonnaithe ar an gCeathrú Rua.[5] Déantar freastal ar mhic léinn lánaimseartha agus páirtaimseartha san Ionad, agus cuirtear raon leathan cúrsaí ar fáil ag gach leibhéal.

Foinse

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Bhí annuachtán náisiúntaFoinse bunaithe anseo (1996-2013).

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. An Cheathrú Rua/Carrowroe | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Baile / Home" (en). ancheathrurua. Cartlannaíodhan bunleathanach ar 2020-08-13. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  3. "Gaillimh | An Ghaeilge & An Ghaeltacht" (ga-IE). Údarás na Gaeltachta. Cartlannaíodhan bunleathanach ar 2020-07-04. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  4. "Iarratas pleanála déanta chun ionad cultúir agus ealaíon a thógáil ar an Spidéal" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-11-15). Dáta rochtana: 2024-11-15.
  5. Áras Mháirtín Uí Chadhain. "An Cheathrú Rua - NUI Galway". www.nuigalway.ie. Dáta rochtana: 2020-07-25.
Radharc sa Cheathrú Rua
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=An_Cheathrú_Rua&oldid=1250333"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp