Tá sí ag críochantacht le cúig thír eile: an Rómáin sa tuaisceart, an tSeirbia agus Poblacht na Macadóine ar an taobh thiar, agus an Ghréig agus an Tuirc ar an taobh theas den Bhulgáir. Táan Mhuir Dhubh ar an taobh thoir den Bhulgáir.
Is í an Bhulgáir an 16ú tír is mó san Eoraip. Tá go léir sliabhraonta ann: mar shampla an Stara Planina agus Rodopi, agus sliabhraon Rila. Tá talamh maith le fáil ar na machairí sa tuaisceart agus sa deisceart.
Sa 7ú haois a cuireadh náisiún na Bulgáire ar bun, an chéad impireacht (632/681 – 1018). Mhair an dara himpireacht ó 1185 – 1396/1422, agus bhí an Bhulgáir mar chuid d'impireacht na dTurcach ar feadh tuairim is 500 bliain. Cuireadh an tríú stát neamhspleách ar bun ina dhiaidh sin. Ghabh sí leis an gCummanachas sa bhliain 1945 i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus bhí sé ina bhall de bhloc an Oirthir go dtí 1989/1990.
Is pobhlacht í an Bhulgáir anois. Ball den AE, NATO, na Náisiúin Aontaithe agus an World Trade Organization atá ann. 0.840 an Human Development Index (61ú háit ar domhan sa bhliain 2009). Dar le Freedom House, is tír "shaor" í.
Teanga Shlavach í an Bhulgáiris, agus í an-difriúil leis an gcuid is mó de nateangacha Slavacha eile, ós rud é go bhfuil sí tar éis córas díochlaonta na n-ainmfhocal a chailleadh ina iomláine. San am céanna, choinnigh an Bhulgáiris na haimsirí a chuaigh i léig sa chuid eile de na teangacha Slavacha, agus forbraíodh tuilleadh acu faoi thionchar naGréigise agus na dteangachaBalcánacha - tá infhilleadh na mbriathar i bhfad níos casta sa Bhulgáiris ná sna teangacha Slavacha eile, agus a lán aimsirí comhshuite ann. Ón taobh eile de, áfach, chuaigh infinideach an bhriathair i léig sa Bhulgáiris go hiomlán. Níl ach anMhacadóinis cosúil leis an mBulgáiris ó thaobh na gramadaí de, ach ansin, is iomaí Bulgárach a deir nach bhfuil sa Mhacadóinis ach canúint Bulgáirise.