Istír atá suite sanÁise Theas ían Bhanglaidéis, nóDaonphoblacht na Bangladéise.[1] Tá teorainn mhór aici leisan India, agus teorainn bheag leMaenmar san oirdheisceart. Tá BáBheangál sa deisceart. Is éDhaka an phríomhchathair.
Tá an Bhanglaidéis ar cheann de na tíortha is mó ar domhan atá i gcontúirt mar gheall ar an athrú aeráide ó tá beagnach 75% den tír faoi leibhéal na mara.[2]
An Phacastáin Thoir an t-ainm a bhíodh ar an mBanglaidéis tráth. Tharla cindhíothú agus críochdheighilt sa bhliain 1971. Tugadh "an Bhanglaidéis" ar an tír nua.[3]
De réir naNáisiún Aontaithe, tá naRóihinsí ar cheann de na pobail is mó faoi chois ar domhan. Tá siad ag brath go mór anois saBhanglaidéis ar chúnamh dhaonnúil cosúil le bia agus bunriachtanais eile an tsaoil, tar éis dóibh an teorainn a thrasnú chun dídean a lorg. Tá thart ar 1,000,000 teifeach saBhanglaidéis in 2023, a mheastar.[5]
Toisc go luíonn an Bhanglaidéis go híseal, bíonn go leor tuilte inti agus déantar go leor damáiste ar na cóstaí, áit a gcónaíonn na daoine is boichte.[3]
Tugtar AnRéimeas Briotanach (Béarla: The British Raj) (Hiondústáinis: राज, راج, rāj nó go litriúil "Réimeas") ar an dtréimhse ama ina raibh forlámhas coilíneach na Breataine i bhfeidhm ar fho-ilchríoch na hIndia idir 1858 agus 1947. Áirítear an réigiún ar a dtugtar go coitianta 'An India' in úsáid chomhaimseartha, na fearainn a bhí riartha go díreach ag anRíocht Aontaithe, mar aon leis na stáit ríoga a rialaigh rialtóirí aonair faoi cheannasaíocht Corónach na Breataine.
Cuireadh críochdheighilt i bhfeidhm ar an réigiúin sa bhliain 1947, nuair a tháinig deireadh leis anRéimeas Briotanach agus nuair a bunaíodh an Phacastáin agus an India, na tíortha chomharbais.
Roghnaíodh an 21 Feabhra anLá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha a cheiliúradh, in ómós na mac léinn a maraíodh agus iad ag agóidíocht ar son a dteanga dhúchais,Bangla, sa Bhanglaidéis i 1952.[6]
1970: Oileán Patuakhali, tréad bó scriosta agusCioclón Bhola. Maraíodh 300,000 ar a laghad
Cinedhíothú sa bhliain 1971 agus cuimhneachán inniu i Dhaka - Liberation War Museum
Ar 12 Samhain 1970, bhuailCioclón Bhola an tír,cioclón fíordhíobhálach. Maraíodh 300,000 ar a laghad, 500,000 b'fhéidir. Idir 1971 agus 2020, maraíodh 779,324 eile de bharr na drochaimsire.[7] Bhí polasaí "laissez-faire"[8] ag an Phacastáin Thiar ag an am, agus chuir sé seo le báiní iad a bhí ina gcónaí sa Bhanglaidéis. Ní raibh fóirithint ar bith le fáil, ná cúnamh forbartha idirnáisiúnta ag an am.[9] Tharlaréabhlóid an bhliain dár gcionn.[10]
Ar an26 Márta 1971, thosaigh an oibríocht mhíleata "solas cuardaigh". D'ionsaigh an Phacastáin Thiar nanáisiúnaithe sa Bhanglaidéis. Tharlacinedhíothú.[11] Dúnmharaíodh go barbartha 300-500,000 (3 milliún a deir anrialtas inniu).[12]
Sa Bhanglaidéis a tháirgtear cuid mhaith de na hearraí faisin a choinníonn siopaí in iarthar an domhain ar oscailt. Agus cuireadh 2 mhilliún duine as obair láithreach sa Bhanglaidéis sa bhliain 2020 nuair a dhún 1,000 monarcha faisin i bhfíorthús na géarchéimeCOVID-19.[13] Bhí na gcéadta milliún euro d’orduithe curtha ar ceal, ag brandaí, dearthóirí agus siopaí móra an domhain, a d’fhág oibrithe bochta na Banglaidéise i gcruachás ceart.[14] Agus is oibrithe bochta iad lucht oibre na monarchana faisin ansin fiú agus iad ag obair – ní shaothraíonn siad ach thart ar 500 Takas (€5) in aghaidh an lae.
Tá 10 milliún Banglaidéiseach ar imirce ar fud an domhain agus bítear ag brath go mór ar an airgead a chuireann siadsan abhaile. Ach thit na síntiúis sin go mór nuair a fágadh na himircigh iad féin as obair le linn napaindéime Covid-19.
TáCúnamh Éireann tiomanta do thacaíocht a thabhairt do naRóihinsí a theith ó stát Rakhine iMaenmar. Cuireann Cór Mearfhreagartha na hÉireann saineolaithe ar fáil i gcás ina bhfuil bearna scileanna ghearrthéarmach sna Náisiúin Aontaithe chun freagairt na heagraíochta sin ar ghéarchéim dhaonnúil a neartú.[15]