Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

An Bíobla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAn Bíobla
(en)The Holy Bible
(es)Santa Biblia
(eu)Biblia
(pt)Bíblia Sagrada
(sr)Света Библија
(it)Bibbia
(fr)La Bible
(eo)la Biblio
(sl)Biblija
(el)Αγία Γραφή
(el)Βίβλος
(ar)الكتاب المقدسCuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáltéacs reiligiúnach,collection of literary works(en)Aistrigh agusreligious object(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Údarúdair éagsúla
grúpa údarCuir in eagar ar Wikidata
TeangaEabhrais an Bhíobla,an Aramais agusan Ghréigis choitiantaCuir in eagar ar Wikidata
Codannaan Sean-Tiomna
an Tiomna Nua
an Bíobla EabhraiseCuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Príomhábharan Sean-Tiomna,an Tiomna Nua,an Chríostaíocht agusan GiúdachasCuir in eagar ar Wikidata
Seánralitríocht reiligiúnach agustéacs reiligiúnachCuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaan MeánoirthearCuir in eagar ar Wikidata
Eile
Aicmiúchán deachúil Dewey220Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú Leabharlann ComhdhálaBS1-BS2970Cuir in eagar ar Wikidata

Youtube: UCxnSIwTpl6iDD4ttLZoE2qAYoutube: HolyBibleChannelMusicbrainz: a0ec6de5-4d52-492d-b25c-2ecf78ac9864Goodreads work: 91568355Cuir in eagar ar Wikidata
Leabhar Cheanannais, Marcas 15

Is éard atá saBhíobla ná focal, de réir mar a mheasann na Críostaithe agus na Giúdaigh. Tagann "Bíobla" ón nGréigis: (τα) βιβλια,(ta) biblia, "na leabhair", iolra an fhocail βιβλιον,biblion, "leabhar". Tá dhá phríomhroinn sa Bhíobla, anSean-Tiomna agus anTiomna Nua. Baineann an Sean-Tiomna leis an Seanreacht, conradh nó beartas sollúnta slánaithe a socraíodh le linnMhaois, agus tá an Tiomna sin scríofa in Eabhrais, cé is moite de shleachta i nDainéil agus in Eazrá atá scríofa inAramais. Baineann an Tiomna Nua leis an Reacht Nua, ré Íosa Críost, agus i nGréigis atá sé scríofa.

Ní féidir liosta buan a dhéanamh de leabhair an tSean-Tiomna mar athraíonn siad de réir an leagain atá i gceist. Is ionann na chéad seacht leabhair a leanas i ngach Bíobla.

An Sean-Tiomna

[cuir in eagar |athraigh foinse]

An Peintiteoch nóTóráh do na Giúdaigh

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Na Fáithe (ceathrar Mór-Fháithe agus dáréag Mion-Fháithe)

[cuir in eagar |athraigh foinse]

An Tiomna Nua

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Litreacha Phóil

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Na litreachacaitliceacha

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Is éard is brí lecaitliceach anseo gur scríobhadh na litreacha seo chun gach duine seachas chun duine áirithe nó grúpa áirithe amháin.

Leabhair an Bhíobla

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá difríochtaí idir na leaganacha den Bhíobla a bhaineann leis na creidiúna difriúla - Eabhraigh, Caitlicigh, Eaglaisí an Oirthir agus na Protastúnaigh. Ní ghlacann an Giúdachas le cuid ar bith den Tiomna Nua. Ní ghlactar gach dream ach an oiread le Tóibít, Iúidit, Macabaeigh I agus II, Barúch, litreacha Irimia, Leabhar na hEagna, Ecclesiasticus (leabhar Shíorach) agus cuideanna de leabhar Eistir agus Dainéil. Cé go nglacann na heaglaisí Caitliceach is Protastúnacha leis an dTiomna Nua céanna, tá cuid leabhar sa Sean-Tiomna a nglacann anEaglais Chaitliceach amháin leo:

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ní raibh aon leabhar naofa oifigiúil ag naGiúdaigh roimh an Deoraíocht (587 - 537 R.Ch.). Bhí leabhair, doiciméid, cáipéisí, téacsanna liotúirgeacha agus a leithéid eile acu. Tar éis na Deoraíochta bheartaigh siad ar a raibh fágtha dá n-oidhreacht a bhailiú is a chaomhnú.

Lean an bailiú seo na céadta bliain. Le himeacht aimsire fógraíodh ranna áirithe go hoifigiúil inascrioptúir - cáipéisí a bhí ina dtreoir sa tsionagóg. Glacadh leo snaCanónacha, agus bhí dhá chanóin nóriail ann, ceann Eabhrach agus ceann Gréagach.

Is féidir cumadh na Canóine Eabhraigh a roinnt ina dtrí chéim:an Dlí thart ar 444 R.Ch.,na Fáithe timpeall na bliana 200 R.Ch. agusna Scríbhinní le linn Íosa Chríost.

Faoi am na Scríbhinní bhí dhá leagan den Chanóin ann sa domhan Gréagach-Eabhrach timpeall Chathair Alastair. Ghlacan Eaglais Chaitliceach leis an gCanóin Ghréagach, agus tá níos mó leabhar ann ná mar atá sa BhíoblaProtastúnach, mar gur leis an gCanóin Eabhrach a ghlac na Protastúnaigh.

Glacann bunús na n-eaglaisí Protastúnacha a labhraíonn Béarla leis an leagan den Bhíobla a dtugtarLeagan Rí Shéamais air, leabhar a foilsíodh sa bhliain1611.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar |athraigh foinse]


Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=An_Bíobla&oldid=1244264"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2026 Movatter.jp