Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Amscála geolaíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Amscála geolaíoch

Soláthraíonnan t-amscála geolaíoch córas le haghaidh tomhais chroineolaíocha ina gcuirtear stratagrafaíocht i gcomparáid le tréimhse ama a bhíonn in úsáid ag geolaithe, pailé-ointeolaithe agus domhaneolaithe eile chun cur síos a dhéanamh ar an t-uainiúchán agus an caidreamh idir imeachtaí a tharla le linn stair an Domhain.

Go dtí tús an19ú céad chreid beagnach gach éinne nach raibhan Domhan ach na mílte bliain d'aois agus a chruth — na sléibhte, na farraigí, nahaibhneacha, na hoileáin, na hilchríocha — gan athrú ó thús ama. Ansin d'fhoilsigh an geolaíAlbanachCharles Lyell a leabharPrinciples of Geology (Prionsabail na Geolaíochta,1830) inar chuir sé síos ar a choincheap go raibh an Domhan á athrú an t-am ar fad. De réir a chéile glacadh leis an dearcadh seo go forleathan, agus thar na blianta rinne geolaithe staidéar ar na sraitheanna éagsúla carraigeacha is na hiontaisí de neacha beo a bhí stalctha iontu. Ón srathú geolaíoch agus le cabhair dátaithe gheolaíoch, tá na geolaithe tar éis aois iomlán an Domhain, 4,600 milliún bliain, a roinnt ina 4 ré: an réRéamh-Chaimbriach a lean ar feadh 4,000 milliún bliain,an Ré Phailéasóch timpeall 590-250 milliún bliain ó shin,an Ré Mhéiseasóch timpeall 250-65 milliún bliain ó shin, agusan Ré Chaenasóch ó 65 milliún bliain ó shin go dtí an lá inniu. Fo-roinntear an 3 ré dheireanach seo ina dtréimhsí áirithe freisin. Go ginearálta faightear fianaise an-lag den bheatha, aoncheallach den chuid is mó, sa ré Réamh-Chaimbriach. Sa ré Phailéasóch thosaigh orgánaigh ilcheallacha is éisc ag teacht chun cinn, agus roinntear an ré seo mar seo:an tréimhse Chaimbriach (590-500 milliún bliain ó shin), an tréimhse Ordaivíseach (500-435 milliún bliain ó shin), an tréimhseShiolúrach (435-408 milliún bliain ó shin), an tréimhse Dheavónach (408-360 milliún bliain ó shin), an tréimhse Charbónmhar (360-280 milliún bliain ó shin), agus an tréimhse Pheirmeach (280-250 milliún bliain ó shin). Ré nandineasár a bhí sa ré Mhéiseasóch, agus na péisteanna ceannasach ar fud an Domhain. Sa tréimhseThriasach, 250-195 milliún bliain ó shin, tháinig na dineasáir i réim agus thosaighPangaea ag titim as a chéile. Ansin bhí an tréimhseIúrasach, 195-140 milliún bliain ó shin. Sa tréimhseChailceach, 140-65 milliún bliain ó shin, fuair na dineasáir uile bás. Le teacht na ré Caenasóiche tháinig namamaigh i réim ar Domhan. Tugtaran tréimhse Threasach ar an idirlinn, 65-2 mhilliún bliain ó shin, agus an tréimhse Cheathartha ar an tréimhse ó shin i leith.[1]

Amscála geolaíoch

[cuir in eagar |athraigh foinse]
AeónTréimhseSealadAoisAm ó shin (Ma)
FanarasóchCaenasóchCeatharthaHolaicéineach0-0,0117
PléisticéineachTarantien0,0117–0,126
Iónach0,126–0,781
Calábrach0,781–1,806
Gelasian1,806–2,588
NeoigineachPléicéineachPiaicéansach2,588-3,60
Zancileanach3,60-5,332
MéicéineachMessineach5,332-7,246
Tortónach7,246-11,608
Serravallach11,608-13,65
Langhach13,65-15,97
Burdigalach15,97-20,43
Acatánach20,43-23,03
PailéigéineachOlagaicéineachSeatach23,03-28,4
Rúpalach28,4-33,9
EoicéineachPriabónach33,9-37,2
Bartanach37,2-40,4
Lúitéiteach40,4-48,6
Ípriseach48,6-55,8
PailéicéineachTanatach55,8-58,7
Selandach58,7-61,7
Danaiach61,7-65,5
MéiseasóchCailceachUachtarachMáistríteach65,5-70,6
Campánach70,6-83,5
Santónach83,5-85,8
Cóiniacach85,8-89,3
Turónach89,3-93,5
Ceineamánach93,5-99,6
ÍochtarachAlbach99,6-112,0
Aipteach112,0-125,0
Bairéimeach125,0-130,0
Ótraíveach130,0-136,4
Valangaineach136,4-140,2
Beiriasach140,2-145,5
IúrasachUachtarachTiotónach145,5-150,8
Cimiritseach150,8-155,0
Ocsfordach155,0-161,2
MeánachCalaitheach161,2-164,7
Batanach164,7-167,7
Baiseocach167,7-171,6
Álanach171,6-175,6
ÍochtarachTórcach175,6-183,0
Plíonsbachach183,0-189,6
Sineamúrach189,6-196,5
Heatangach196,5-199,6
TriasachUachtarachRaetach199,6-203,6
Nórach203,6-216,5
Carnach216,5-228,0
MeánachLadanach228,0-237,0
Ainisiach237,0-245,0
ÍochtarachOlanacach245,0-249,7
Ionduach249,7-251,0
PailéasóchPeirmeachLopingiachChanghsingiach251,0-253,8
Wuchiapingiach253,8-260,4
GuadalupienCapitaniach260,4-265,8
Wordiach/Casanach265,8-268,0
Ródach/Ufimíneach268,0-270,6
CisuraliachCungúrach270,6-275,6
Artainsceach275,6-284,4
Sacmárach284,4-294,6
Asseliach294,6-299,0
CarbónmharPennsylvanienGasaileach299–303,9
Kasimovach303,9–306,5
Moscóvach306,5–311,7
Baiscireach311,7–318,1
MississippienSerpukhovach318,1–326,4
Viséach326,4–345,3
Túrnaeiseach345,3–359,2
DeavónachUachtarachFaiméanach359,2 - 374,5
Frasnach374,5-385,3
MeánachGivéatach385,3-391,8
Eighfealach391,8-397,5
ÍochtarachEimseach397,5-407,0
Prágach407,0-411,2
Lochkovach411,2-416,0
SiolúrachPridolach416,0-418,7
LudlowachLudfordach418,7-421,3
Gorstach421,3-422,9
WenlockHóiméarach422,9-426,2
Sheinwoodien426,2-428,2
LlandovereachTelycheach428,2-436,0
Aeronach436,0-439,0
Rhuddanach439,0-443,7
OrdaivíseachUachtarachHirnantach443,7-445,8
Katach445,8-455,8
Sandbach455,8-460,9
MeánachDarriwiliach460,9-468,1
Dapingeach468,1-471,8
ÍochtarachFloien471,8-478,6
Tremadocien478,6-488,3
CaimbriachFurongiach10ú sealad488,3-?
9ú sealad
Paibiach?-501,0
3ú sealadGuzhangiach501,0-?
Drumach
5ú sealad?-513,0
2ú sealad4ú sealad513,0-?
3ú sealad
Terreneuvach2ú sealad
Luath?-542,0
AeónTréimhseAm ó shin (Ma)
PrótarasóchNeoprótarasóchEidiacarach542 - ~630
Crióigineach~630 - 850
Tónach850 - 1000
MesoprótarasóchStéineach1000 - 1200
Eicteasach1200 - 1400
Cailimeach1400 - 1600
PaleoprótarasóchStatheriach1600 - 1800
Orosiriach1800 - 2050
Riasach2050 - 2300
Sideriach2300 - 2500
AircéachNeoaircéach2500 - 2800
Mesoaircéach2800 - 3200
Paleoaircéach3200 - 3600
Eoaircéach3600 - 3800
Háidéach4567.3 ± 0.16

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt (2011). "Amscála geolaíoch".Fréamh an Eolais.Coiscéim. p. 36.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Amscála_geolaíoch&oldid=1237035"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp