BascríbhneoirgearrscéaltaCeanadach íAlice Ann Munro (néeLaidlaw,10 Iúil1931 -13 Bealtaine2024). Bronnadh an Duais Idirnáisiúnta Booker uirthi sa bhliain 2009 as iomlán shaothair a saoil, chomh maith le Gradam an Ghobharnóra Ghinearálta i gCeanada faoi thrí. BronnadhDuais Nobel na Litríochta uirthi sa bhliain 2013. Áirítear í go forleathan mar dhuine de na scríbhneoiríficsin is tábhachtaí sa 20ú haois, cé nach mbíodh a hainm i mbéal na ndaoine chomh minic agus a bhíonn ainmneacha roinnt úrscéalaithe eile.
Rugadh Munro i dteaghlach a rinne feirmeoireachtsionnach,minceanna aguséanlaithe i Wingham,Ontario. Ba iad Robert Eric Laidlaw agus Anne Clarke Laidlaw (née Chamney) a tuismitheoirí.Múinteoir scoile a bhí ina máthair.
Chuaigh Alice Munro i gceann scríbhneoireachta agus ise fós ina déagóir. Foilsíodh an chéad scéal léi, “The Dimensions of a Shadow”, nuair a bhí sí ag déanamh léinn ag Ollscoil Western Ontario sa bhliain 1950. D’oibrigh sí insna blianta úd freisin mar fhreastalaí, mar chléireachleabharlainne, agus mar bhainteoir tobac.
Sa bhliain 1951, d’éirigh sí as a cuid staidéar ag an ollscoil—Béarla an príomhábhar a bhí ansin aici—chun fear darbh ainm James Munro a phósadh. Chuir siad fúthu inVancouver, saCholóim Bhriotanach. Rugadh triúr iníonacha dóibh sna blianta 1953, 1955, agus 1957, Sheila, Catherine, agus Jenny faoi seach; fuair Catherine bás go gearr i ndiaidh a breithe.
Sa bhliain 1963, bhog siad goVictoria mar ar oscail siad siopa leabhar, Munro’s Books. Rugadh iníon eile dóibh, Andrea, sa bhliain 1966.
D'fhógair sí i mí Iúil na bliana 2013 go mbeadh sí ag éirí as an scríbhneoireacht.[1]
Fuair an chéad bhailiúchán gearrscéalta aici,Dance of the Happy Shades (1968), an-fháilte agus bronnadh Gradam an Ghobharnóra Ghinearálta, an duais litríochta is airde i gCeanada, ar an leabhar.
Tá an fócas i ngearrscéalta Munro dírithe ar staid an duine daonna agus ar an gcaidreamh idir dhaoine sa saol laethúil. Ní hionann leis an gclú idirnáisiúnta atá uirthi, bíonn a cuid ficsin suite i gcuid sách teoranta den Domhan, mar atá iardheisceart chúigeOntario, i gContae Huron go háirithe (an leithinis Cheanadach idirLoch Huron agusLoch Erie a ghobann isteach sna Stáit Aontaithe.).
Baineann an chuid is mó dá cuid scéalta le ré atá thart le fada an lá, ré atá thart le fada ar níos mó ná bealach amháin. Bhí cumas ar leith ag Alice Munro aird a thabhairt ar na daoine ina timpeall agus chuir sí ar an mapa go paiteanta iad.[2]
Iniúchann sí an saol go grinn in a cuid scríbhneoireachta agus é sin ar bhealach soléite. Bhí sí in ann an anáil a bhaint díot le radharc nach dtarlaíonn tada ann ach subh sútha talún a bheith á cur i bpotaí, mar shampla. Bíonn scéalta Munro suite i gceantar talmhaíochta nach dtarlaíonn mórán ann, ach déanann sí rudaí le ham, le struchtúr na hinsinte agus thar aon rud eile leis an gcarachtracht a fhágann gur féidir le radharc i gcistineach in iardheisceart Ontario, nach dtarlaíonn tada ann ach subh sútha talún a bheith á cur i bpotaí, an anáil a bhaint díot.[2]