Is cúige i gCeanada íAlbain Nua (nóAlba Nuadh asGaeilge na hAlban). Tá sí suite ar an leithinisAlbain Nua agus ar roinnt oileán in aice léi in oirthear Cheanada. Tá timpeall is 940,000 daoine ann, agus is íHalifax an phríomhchathair.
Mar chuaigh cuid mhór daoine asAlbain go hAlbain Nua (go háirithe go hOileán Cheap Breatainn, an t-oileán lastuaidh den leithinis mhór) sa 1700í agus 1800í, bhíGaeilge Cheanada an teanga a labhraíodh ar Cheap Breatainn go dtí na 1900í. Cé nach bhfuil ach cuid an-bheag (agus seandaoine iad, den chuid is mó) ann fós a bhfuil an teanga acu anois, tá spéis ag pobal an oileáin Gaeilge na hAlban a fhoghlaim agus an cultúr Albanach a chaomhnú. Is de bharr mhuintir Ghaeilge na hAlban a baisteadh an t-ainm seo ar an gceantar, cé nach raibh go leor daoine as Albain ann taobh amuigh de Cheap Breatainn.
Roimhe sin, ba iad naMik'maq, an mhuintir bhundúchasach, a bhíodh ina gcónaí ann.