Bhí teochtaí curiarrachta nua ann ar fud an domhain, aon uair amháin eile, le linn 2025. Mar shampla, bhí mí an Mhárta 2025 an Márta ba theo dár taifeadadh riamh san Eoraip (go dtí sin).[1][2]




Bhí teochtaí curiarrachta ann ar fud an domhain le linn 2024. Ar an 10 Eanáir 2025, dúirt an tseirbhísCopernicus, a dhéanann anailís ar an athrú aeráide, gurbh í an bhliain 2024 ba theo riamh ó cuireadh tús le taifid.[3]
Ag deireadh na bliana 2024, bhí an chuid is mó taighdeoirí ag súil go mbeadh 2025 beagán níos fuaire ná 2023 agus 2024, mar gheall arEl Niño 2023-2024. Tá baint agEl Niño le hardú teochta, fearthainn throm agus triomach ar fud an domhain ó am go chéile,[4] TháinigLa Niña in áitEl Niño i ndeireadh na bliana 2024.[5] Ceapadh go mbeadh Eanáir 2025 níos fuaire ná Eanáir 2024 mar gheall ar theachtLa Niña in áit El Niño. Ach a mhalairt ar fad a tharla agus bhris Eanáir 2025 taifead Eanáir 2024.[6]
Ba é Eanáir 2025 an mhí Eanáir is teo riamh ar an domhan, go dtí sin. Ceapadh go mbeadh Eanáir 2025 níos fuaire ná Eanáir 2024 mar gheall ar imeachtEl Niño. Ach a leithéid a tharla agus bhris Eanáir 2025 taifead Eanáir 2024. Lean an taifead nua sraith de thaifid teochta níos airde ó lár 2023. Ach fós, i mí Feabhra, bhí an chuid is mó taighdeoirí ag súil go mbeadh 2025 beagán níos fuaire ná 2023 agus 2024.[6]
Taifead aeráide aon uair amháin eile: bhí mí an Mhárta 2025 an Márta ba theo dár taifeadadh riamh san Eoraip (go dtí sin), dar leCopernicus[1][2] agus focal ar bith faoi ar tuairisc.ie nó rte.ie. Dar le Copernicus, d'ardaigh meánteocht na mór-roinne i mí Márta go dtí breis agus 6 Celsius, rud a d’fhág go raibh sé 0.26C ní ba theo ná mí Márta 2014, an ceann ba theo roimhe sin.[7] Ar bhonn domhanda bhí an teocht 1.6C níos airde ná na leibhéil a bhí ann roimh an ré thionsclaíoch, rud ar ábhar mór imní é ó tharla go raibh sé de sprioc ag an domhan ag an am an difear sin a shrianadh go dtí 1.5C faoi 2100. Le cois an teasa neamhghnách san Eoraip, thit muiroighear an Artaigh go dtí an leibhéal ab ísle in aon mhí Márta ag a bhfuil sonraí satailíte ag Copernicus ina leith.[7]
Bhuail tonn teasa iarthar na hEorpa i mí an Mheithimh 2025.
Bhrisfalscaithe amach i Los Angeles agus sna ceantair máguaird ar chósta thiar na Stát Aontaithe i mí Eanáir 2025, Ba mhillteanach an tubaiste timpeallachta é.[8]
I dtús mhí Aibreáin in Éirinn, bhí an aimsir "breá" brothallach. Bhí idir theaspach agus thriomach ar fud na tíre idir 8-11 Aibreán – teaspach de réir Met Éireann agus triomach de réir Uisce Éireann – agus an teocht chomh hard le 21.8 céim i gCaisleán na Deirge ar an 10 Aibreán.[9] Bhí Uisce Éireann ag achainí ar an bpobal a bheith spárálach agus uisce a chaomhnú.[10]
Bhí an teocht chomh hard le 29+ céim in áiteanna in Éirinn ar an 20-21 Meitheamh[11][12] agus bhí an samhradh thar a bheith brothallach. Timpeall 19 Iúil 2025, fuair idir 800 agus 900 iasc bás inAbhainn Dhroichead Uí Dhálaigh in oirthuaisceartLoch Síleann i gCo an Chabháin. An aimsir ba chúis le marú na n-iasc. Bhí teocht an uisce ró-ard agus an leibhéal ocsaigine tuaslagtha ró-íseal ag an am.[13]