Aigéad núicléasach is eaaigéad ribeanúicléasach (nóARN) a fhaightear ar fud na cille (is éRNA) an gnáthghiorrúchán i mBéarla). Difriúil óADN sa mhéid go gcuirtear úraicil (bunpirimidín) in ionadtímidín, aguscomhábhar siúcra, riobós, in ionad dé-ocsairiobóis.
Baint lárnach aige in an-chuid próisis géibheannacha cille, sintéisiúpróitéiní thar aon cheann eile. Sintéisítear an RNA mar dhual comhlántach de roinnt na mbunseicheamh sa ADN trí fheidhmiú rang einsímí a dtugtar polaimeiréisí ARN orthu. Déantar cóipeanna ARN (cóipeanna comhlántacha) de na géinte a chódaíonn don phróitéin (agus na hiontróin gearrtha amach ag próiseas casta ina mbíonn RNA ar leith gníomhach, RNA beag núicléach, ARNnb, i gcoimpléisc le próitéiní ar a dtugtar ARNnb), chun teachtaire ARN (tARN) aibí a tháirgeadh.
Iompraítear an tARN trasna an scannáin núicléach chuig na ribeasóim sachíteaplasma. Déantar cóip iomlán den mRNA ar anribeasóm, a fhanann ann mar RNA ribeasómach (tARN). Uaidh sin déantar cóipeanna RNA traschuir (tRNA) (giotaí ARN, cóipeáilte ó chódón amháin ar an ADN go bunúsach, is é códaithe d'aimíonaigéad amháin) ó na géinte ar an tARN, agus bailíonn an tARNaimíonaigéid chuí sa chíteaplasma is iompraíonn iad don ribeasóm.
Le cabhair an tARN ansin, cuirtear na giotaí tARN (is na haimíonaigéid ar leith atá ceangailte leo) i líne chun gur féidir leis na haimíonaigéid nascadh le chéile i líne, san ord cuí ceart, ina slabhra polaipeiptíde a dhéanann an phróitéin.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.