| Cineál | Acht den Oireachtas | ||
|---|---|---|---|
| Fógairt | an tOireachtas | ||
| Dáta foilsithe | 2012 | ||
| Uimhir eagrán | 34 | ||
| Tír | Éire | ||
| Baint le limistéar údaráis | Éire | ||
| Saothar iomlán ar fáil ag URL | irishstatutebook.ie… | ||

Is acht de chuidOireachtas na hÉireann éAcht na Gaeltachta 2012 (Béarla:The Gaeltacht Act 2012).
Tá dhá phríomhaidhm leis an Acht: sainmhíniú nua a leagan síos donGhaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeannaÚdarás na Gaeltachta.
Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo, cé go bhfuil teorann thíreolaíochta ann dona ceantair Gaeltachta go fóill. Anois tá anphleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht. Tá deis ag ceantair lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta aitheantas reachtúil a bhaint amach marLíonraí Gaeilge nó marBhailte Seirbhíse Gaeltachta, ach critéir áirithe a bheith comhlíonta acu.[1][2]
Chomh maith le leasuithe a dhéanamh ar fheidhmeanna áirithe de chuid Údarás na Gaeltachta, tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don Údarás maidir le cur i bhfeidhm naStraitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, déantar foráil faoin Acht chun líon comhaltaí bhord an Údaráis a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis.
Shínighan tUachtarán Acht na Gaeltachta 2012 ar an25 Iúil2012.[3]