Is cathair íAalen atá lonnaithe iLandBaden-Württemberg, i ndeisceart naGearmáine. Tá sé suite ar an abhainn Kocher, ar an taobh thuaidh de na hAlpanna Schwäbische, 48km ó thuaidh óUlm. Bunaíodh an baile mórthimpeall dhún mhóir de chuid naRómhánach. Tá a lán den dún fós ann. Tá iarsmaí delimes (fálta imeallchríocha) Rómhánacha ann gar don bhaile. D'éirigh leis an gcathair saoirse a bhaint amach sa bhliain1360 mar chathair shaor san Impireacht Naofa Rómhánach. Scriosadh an chathair go dona sa bhliain1634 de bharr bráchthine. Fuair Württemberg seilbh uirthi sa bhliain1802. Tógadh sean-áras na cathrach sa bhliain1636 agus tógadh cill Sankt Nikolaus sa bhliain1765. Osclaíodh iarsmalann don ré Rómhánach sa bhliain1964. I1975 nascadh cathair in aice Aalen, Wasseralfingen, le Aalen agus méadaíodh an chathair beagnach aon trian níos mó. Tá tionscail sa chathair amhail tionscal miotail, teicstíle agus cheimicigh. Tá breis is 63,000 daoine ina gcónaí ann.
 | Issíol faoi thíreolaíocht naGearmáine é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh. |