Is éard isór ann ná an naoú dúil cheimiceach déag is trí scór i dtábla peiriadach na ndúl. Miotal bog buí trom insínte somhúnlaithe atá ann, agus meas mór ag na daoine air toisc é a bheith chomh gann. Is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Au.Miotal lómhar atá ann, agus é le fáil ina dhúil sa dúlra féin, ina chnapáin bheaga taobh istigh de chlocha. Seoltóir maith leictreachais atá ann. Sa seodra, sna boinn airgid agus san eacnamaíocht is mó a úsáidtear é, ach thairis sin, baintear leas as sanfhiaclóireacht agus saleictreonaic.
Mar is dual do na miotail lómhara, is dúil sách támh é an t-ór. Is é sin, níl sé araiciseach chun imoibriú a dhéanamh le ceimiceáin. Mar sin féin, is féidir é a thuaslagadh inimoibreáin áirithe, go háirithe sanaqua regia - an t-"uisce ríoga", ós rud é go dtuaslagann sé "rí na miotal", an t-ór. Is é is aqua regia ann ná meascán asaigéad hidreaclórach agusaigéad nítreach. Thairis sin, is féidir leis an gclóirín, leis an bhfluairín agus letuaslagáinchiainídeacha ór a chreimeadh.
Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an ór, mar atá,197Au, agus is as an iseatóp seo atá ór an dúlra comhdhéanta. Tá an t-ór níos troime ná an luaidhe, ach níl sé chomh trom leis an bplatanam, leis anoismiam ná leis aniridiam.
Ocsaídíonn an t-aqua regia an t-ór go hianteitreaclóróráite, is é sin, AuCl4-, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an ór san ian seo ná +3. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta aige, agus tugtar comhdhúile óracha ar na comhdhúile ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin seo ag an ór. Thairis sin, tá an uimhir ocsaídiúcháin +1 ag an ór i gcuid mhaith comhdhúl, is é sin, na comhdhúile órúla. Is féidir don ór uimhir ocsaídiúcháin níos airde fós a shroicheadh faoi thionchar ocsaídeoirí láidre, ar nós anfhluairín.
Níl páirt ná ról ar leith á dhéanamh ag an ór san orgánach daonna. Nimh atá san ian óir Au3+, ach ní chuirfidh an t-ór miotalach isteach ná amach ar an duine má shlogtar síos é, nó ní féidir leis na himoibreáin i gcolainn an duine an miotal a ocsaídiú go hiain nimhiúla. Mar sin, is féidir, abair, deochanna alcólacha nó cácaí a mhaisiú le duilleoga tanaí óir, agus ní dhéanfaidh an miotal dochar ar bith don duine a iósfaidh nó a ólfaidh é. Scéal eile go gcuireann an t-ór ailléirge ar dhaoine áirithe, ach níl sé leath chomh dona mar ailléirgin agus a lán miotal eile, annicil ach go háirithe.
Issíol faoinsubstaint cheimiceach é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.