Ba chóir an t-alt seo aghlanadh, mar: Gaeilge na hAlban! (Calum Cille, Iosa Chrìosd, Lochlannaich, Beurla, eilein, srl...) Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach arConas Leathanach a Chur in Eagar agus anLámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil.
BhíInse Ghall faoi fhorghabháil ag cainteoirí ag a raibh ar a laghad ceithre theanga acu. Mar thoradh ar seo, tá níos mó ná brí amháin do roinnt mhaith d'ainmneacha an oileáin.
Mar sin féin, más ann, is beagán díobh a bhailigh an méid ainmneacha éagsúla thar na céadta bliain mar an oileán ar a dtugtar i Béarla "Iona". Thug na foirmeacha is luaithe d'ainm an oileáin deis don scoláire logainm William J Watson a thaispeáint go raibh i gceist leis an ainm, ar dtús, ná rud éigin cosúil le "Iúr-áit." An ghné Ivo-, ag sainchiallú "Iúr", tarlaíonn sí i scríbhinn Ogham (Iva-cattos [ginideach], Iva-geni [ginideach]) agus i n-ainmneacha Gallach (Ivo-rix, Ivo-magus) agus d'fhéadfadh gurb é a bhí mar bhun do na luath-ainmneacha Gaeilge, mar Eogan (Ogham: Ivo-genos). [5] Is féidir go bhfuil baint ag an ainm leis an duine miotaseolaíoch, Fer hÍ mac Eogabail, mac altrama Mhanannán mac Lir, an réamhainm leis an mbrí "fear an Iúir." .
Sa bhliain563 tháinig bád i dtír ar Oileán Í. istigh sachurach bhí imircigh óÉirinn -manaigh a bhí ann agus ina measc bhí duine a bhíodh an-tábhachtach ag baint leis i stair naBreataine ná aon duine eile a bhí beo snaMeánaoiseanna.