elsewhere on ccea.org.uk
An Domhan Thart Orainn
Is Réimse Foghlama i gcuraclam na bunscoile An Domhan Thart Orainn. Sa Bhonnchéim, cuidíonn sé go mór le fiosracht nádúrtha na bpáistí a spreagadh trí fhoghlaim atá bunaithe ar shúgradh, agus i ngíomhaíochtaí pleanáilte Tíreolaíochta, Staire, Eolaíochta agus Teicneolaíochta.
Ba chóir do mhúinteoirí páistí a chumasú le heolas, tuiscint agus scileanna a fhorbairt i gceithre shnáithe ghaolmhara:
- Idirspleáchas
- Áit
- Gluaiseacht agus Fuinneamh
- Athrú Thar Am
Fágann na snáitheanna seo go mbíonn solúbthacht nach beag ag múinteoirí ábhar a roghnú le heolas agus tuiscint na bpáistí a fhorbairt. Ba chóir do mhúinteoirí foghlaim na bpáistí a nascadh trasna na snáitheanna, agus na heochairghnéithe atá mar bhonn faoi chuspóirí an churaclaim a leabú. Tugann sé seo brí agus ábharthacht dá gcuid eispéireas ar scoil agus sa domhan thart orthu.
Is minic a chuireann páistí ceisteanna doimhne fúthu féin agus faoi nádúr an domhain thart orthu. Cuidíonn an Réimse Foghlama seo le páistí freagraí atá fóirsteanach dá n-aois a fháil ar chuid de na ceisteanna sin.
Ba chóir deiseanna a bheith ag páistí a gcéadfaí a úsáid lena gcuid scileanna breathnóireachta a fhorbairt agus le feabhas a chur ar an chumas atá acu a gcuid oibre a shórtáil agus a rangú, fiosrú a dhéanamh, tuar a dhéanamh, triail agus comparáid a dhéanamh, agus a gcuid oibre a phleanáil, a dhéanamh agus a athbhreithniú.
Le sonraí breise a fháil, féach naRiachtanais Reachtúla maidir leis An Domhan Thart Orainn.
Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin
Caithfidh deiseanna a bheith ag páistí na Scileanna Traschuraclaim (Cumarsáid,Úsáid na Matamaitice agusÚsáid TFC) agus naScileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta a fhorbairt tríd An Domhan Thart Orainn.
Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (ETIM)
Is féidir tabhairt faoi chuid de na constaicí agus na mórcheisteanna a sainaithníodh sa tuairisc seoReport of the STEM Review tríd An Domhan Thart Orainn, rud a chuirfidh le rath ETIM amach anseo.
Áiseanna
Curaclam Thuaisceart Éireann Bunscolaíocht (Gaelscolaíocht)
Curaclam Thuaisceart Éireann Bunscolaíocht (Gaelscolaíocht)
BCEC1&2GINGFoghlaim Tríd an Súgradh sna Luathbhlianta
Ba é an Early Years Interboard Panel a thiomsaigh an leabhrán seo mar fhreagairt ar iarratais ó chleachtóirí i suíomhanna Luathbhlianta le treoir a
BCGINGWellbeing Hub
This Wellbeing Hub shows how the Northern Ireland Curriculum promotes the learning and development of skills that support pupils’ wellbeing and men
BCEC1&2EC3EC4I16SROBéarlaGLearning Outdoors in Pre-school and Foundation Stage
This resource provides guidance for those working with children in pre-school and foundation stage.
RSBCGINBéarlaGListen & Think Story Books
Our Listen and Think and Wise Up and Think storybooks can help you to introduce and support the Thinking Skil
BCGINBéarlaGScience Through Stories
Opportunities for scientific enquiry can be found in any story.
BCEC1&2GINBéarlaGMórphictiúr an Churaclaim don Bhunscolaíocht
Mórphictiúr an Churaclaim don Bhunscolaíocht
BCEC1&2GINGHandling Data and the Northern Ireland Census
This resource uses free census data to develop learner skills in Mathematics and Numeracy (Handling Data and Processes in Mathematics) with links t
BCEC1&2GINBéarlaGPlanning the Curriculum for The World Around Us
The Statutory Curriculum is the starting point for planning a school curriculum that meets the needs of individual pupils.
BCEC1&2GINBéarlaG
Déan Teagmháil Linn
Le tuilleadh eolais a fháil ar An Domhan Thart Orainn, déan teagmháil le: